Cluichí sacair ag déanamh dochair don timpeallacht!

An 25ú Deireadh Fómhair, 2023

Tá pleananna ag UEFA na 3 chomórtas mhóra atá acu i sacar na bhfear a dhéanamh níos mó ar an bhliain seo chugainn. Deir Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) go ligfidh siad do níos mó foirne teacht isteach sna comórtais, agus, mar sin, go mbeidh níos mó cluichí le himirt.

San iomlán, idir Sraith na gCuradh, Sraith Europa agus Sraith na Comhdhála – beidh 177 cluiche breise ann ar an bhliain seo chugainn. Sin ar bharr na gcluichí atá ann cheana – thart ar 450 sa bhliain. Mar sin, gach seans go mbeidh níos mó ná 600 cluiche sacair sna comórtais Eorpacha ón bhliain seo chugainn ar aghaidh!

Dea-scéal do lucht leanúna an tsacair, cinnte, agus do gach duine ar maith leis nó léi bheith ag amharc ar an sacar ar an teilifís. Dea-scéal fosta do na foirne sacair, nó beidh seans níos fearr acu áit a bhaint amach sna comórtais mhóra.

Deir UEFA go mbeidh níos mó cluichí Eorpacha ann ar an bhliain seo chugainn


Ach deir lucht na timpeallachta gur drochscéal amach is amach atá ann. Cionn is gur comórtais Eorpacha iad seo, bíonn ar na foirne sacair agus ar a lucht leanúna taisteal chuig tír eile lena gcuid cluichí a imirt.

Cuid mhaith den am, bíonn ar lucht leanúna an tsacair eitleán a úsáid le dul chuig cluichí Eorpacha


Ar ndóigh, téann na mílte duine chuig cluiche sacair. Agus bíonn na daoine seo uilig ag taisteal i gcarranna agus i mbusanna agus, níos measa arís, in eitleáin! Cuireann siad dé-ocsaíd charbóin amach agus gáis eile a dhéanann dochar don timpeallacht.

Níl an t-aerthaisteal rómhaith don timpeallacht


D’oibrigh taighdeoirí i Sasana amach gur thaistil imreoirí agus lucht leanúna sacair 1.5 BILLIÚN míle chuig cluichí sacair Eorpacha i mbliana. Síleann na taighdeoirí go mbeidh an figiúr sin chomh hard le 2 BHILLIÚN míle ar an bhliain seo chugainn, leis na cluichí breise uilig. Is ionann sin agus 4,000 turas chuig an Ghealach, agus ar ais, agus na céadta míle tonna de dhé-ocsaíd charbóin fosta!


Deir UEFA gur mhaith leo a lorg carbóin a laghdú, ach níl siad róchinnte cad é mar a dhéanfaidh siad é. Deir lucht na timpeallachta gur cheart an lucht leanúna a stopadh de bheith ag dul chuig na cluichí as baile. Ní tharlóidh sé seo ar an bhliain seo chugainn ach cá bhfios cad é a tharlódh ina dhiaidh sin.

An mbeidh orainn an lucht leanúna a stopadh de bheith ag taisteal chuig cluichí?


Le plé

⚽ Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar bhealaí le lorg carbóin lucht leanúna sacair a laghdú? Smaoinigh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na moltaí s’agaibh.

⚽ Cad do bharúil faoin lucht leanúna a choinneáil sa bhaile do na cluichí as baile?

⚽ Samhlaigh go dtacaíonn tú le Cathair Dhoire nó Cliftonville nó Rógairí na Seamróige nó Cathair Chorcaí. Fuair sibh áit i gcomórtas Eorpach agus tá cluiche agaibh in éadan Barcelona. Tá rogha agat - dul chuig an chluiche nó fanacht sa bhaile agus cuidiú leis an timpeallacht.  Cad é a dhéanann tú? 

⚽ An ndéanann tusa nó do theaghlach rud ar bith le bhur lorg carbóin a laghdú? Ar mhaith leat sin a dhéanamh?


Suaitheantas Barcelona san eitleán le fifg/Shutterstock
Staid fholamh le Mauricio Pingo/Shutterstock

baruil