Dróin dóiteán

An 20ú Deireadh Fómhair, 2023


Bíonn go leor trealaimh de dhíth ar chomhraiceoir dóiteáin

Úsáideann lucht múchta dóiteán a lán trealaimh. Bíonn píobáin uisce acu, ar ndóigh, leis an dóiteán a mhúchadh, agus dréimirí le dul in airde. Má bhíonn a lán toite ann, úsáideann siad gaireas análaithe a thugann ocsaigin dóibh. Bheadh tua úsáideach dá mbeadh doras le briseadh síos agus ní rachadh comhraiceoir dóiteáin isteach i bhfoirgneamh a bheadh lán toite gan tóirse.

Tóirse agus tua ag comhraiceoir dóiteáin

Anois, tá píosa trealaimh eile ag an lucht múchta dóiteán, mar atá, an drón. Nuair a tharlaíonn dóiteán, bíonn an bhriogáid dóiteáin ag smaoineamh ar dhá rud: daoine a shábháil agus gan iad féin a chur i gcontúirt. Tá roinnt buntáistí ag an drón san obair seo.

Drón dóiteáin

Thiocfadh leis an drón bheith gasta. Cinnte, is féidir leis an inneall dóiteáin taisteal iontach gasta ach ní féidir leis eitilt thar charranna agus leoraithe sa bhóthar go fóill. Má bhíonn tranglam tráchta ann, is féidir leis an drón an dóiteán a bhaint amach roimh ré. Beidh an ceamara ábalta cur síos a dhéanamh ar an dóiteán agus beidh an lucht dóiteán ábalta pleananna a dhéanamh.

Ach thig leis an drón níos mó a dhéanamh. Thig leis píobán uisce a thógáil go hard agus an tine a aimsiú go beacht. Bheadh sin iontach tábhachtach i gcás tine in árasán ard, mar shampla. Más gá fuinneog a bhriseadh ón taobh amuigh, beidh an drón ábalta sin a dhéanamh chomh maith. Iompraíonn an drón púdar múchta tine agus bheadh sin úsáideach mura dtig píobán uisce a fháil isteach.

Tá bua faoi leith ag an drón. Beidh sé ábalta pictiúr tríthoiseach a chur le chéile den áit a bhfuil an dóiteán. Cuideoidh sé sin leis an lucht múchta dóiteán a mbealach a dhéanamh thart, go háirithe nuair a bhíonn a lán toite ann.

Tugann drón pictiúr ar ais den dóiteán


Le déanamh:

Nuair a bhíonn tú i bhfoirgneamh mór, an scoil, mar shampla, bíonn bealach éalaithe ann má bhíonn tine ann. De ghnáth, bíonn an comhartha glas. Faigh amach cá bhfuil an bealach éalaithe s’agatsa ar scoil. An bhfuil a fhios agat cad é an druil má bhíonn tine ann? Cuir ceist ar do mhúinteoir.

Déan taighde ar an dóigh a gcuidíonn dróin linn sa lá inniu. Déan liosta de cheithre rud. Cad é an úsáid is fearr, dar leat? An dtig leatsa smaoineamh ar dhóigh eile a dtiocfadh le dróin cuidiú linn?


baruil