Cárta Dearg don Chiníochas

An 19ú Deireadh Fómhair, 2023

Is dócha go bhfaca sibh nó gur chuala sibh iomrá roimhe seo ar an “chárta dhearg”. Úsáidtear an cárta dearg i gcuid mhór cluichí spóirt mar phionós d’imreoir atá i ndiaidh drochiompar a thaispeáint ar pháirc na himeartha.


Mar shampla, má dhéanann imreoir peile iarracht duine ar an fhoireann eile a ghortú d’aon turas i rith an chluiche, taispeánfaidh an réiteoir an cárta dearg don imreoir sin. Beidh air, nó uirthi, páirc na himeartha a fhágáil láithreach. Is é sin deireadh an chluiche don imreoir sin. Níl cead aige, nó aici, imirt ann níos mó. De ghnáth, mar chuid eile den phionós, ní bhíonn cead ag an duine a rinne an droch-ghníomh imirt sa chéad chluiche nó dhó eile a bhíonn ag a f(h)oireann chomh maith.

Inniu, i gcuid mhaith tíortha, tá lear mór imreoirí sacair agus daoine eile ag díriú aird ar an chárta dhearg. Ach, ní go díreach mar gheall ar dhroch-ghníomhartha ar pháirc na himeartha. Inniu, ba mhaith leo aird an phobail a dhíriú ar fhadhb an chiníochais.
(Tá an ciníochas cosúil le bulaíocht. Pioctar ar dhuine mar go bhfuil sé / sí difriúil.)

Is é an rud atá i gceist le ciníochas ná fuath a léiriú do dhaoine de chine eile. Is ionann ‘cine’ agus grúpa daoine den chineál chéanna, mar shampla, grúpa duine ón áit chéanna, nó daoine atá ar aon dath craicinn lena chéile. Go minic, ar an taobh seo den domhan, baineann an ciníochas le daoine geala ag léiriú drochmheasa ar dhaoine a bhfuil craiceann níos dorcha orthu. Ar an drochuair, tarlaíonn seo go ró-mhinic sa lá inniu.
(Is minic a léirítear an ciníochas nuair a bhíonn agóidí ag grúpaí in éadan daoine ó thír eile.)

Is olc an scéal é don sacar ach tá droch-nasc idir an spórt sin go háirithe agus an ciníochas. Is mó an seans go mbeidh droch-rudaí scríofa ar na meáin shóisialta faoi na himreoirí sacair a bhfuil craiceann dorcha orthu. Is mó an seans fosta go mbeidh lucht tacaíochta na foirne eile ag magadh faoi na himreoirí sin agus ag léiriú drochmheasa orthu le linn cluichí.
(Romelu Lukaku ón Bheilg ag dul ar a ghlúin roimh chluiche le taispeaint go bhfuil se in éadan an chiníochais. Grianghraf le FAB/Shutterstock.com)

Mar sin, tá cuid mhaith de na himreoirí sacair is clúití ag iarraidh ar dhaoine stop a chur leis an chiníochas. Inniu, iarrann siad orainn rud éigin dearg a chaitheamh lena thaispeáint go bhfuil muid in éadan an chiníochais.


Le plé nó le déanamh
Má léiríonn imreoir ciníochas ar pháirc na himeartha, thig leis an réiteoir an cárta dearg a thaispeáint dó / di. Ach cad é is féidir a dhéanamh má bhíonn an lucht féachana ag taispeáint ciníochais in éadan imreora ar an pháirc? Déan plé ranga ar an fhadhb seo. Cad iad na féidearthachtaí a smaoiníonn sibh orthu?

Dear póstaer le teachtaireacht an lae inniu a fhógairt.

Dá bhfeicfeá sampla de chiníochas ag tarlú ar an tsráid, cad é a thiocfadh leat a dhéanamh faoi? Pléigh na smaointe le do rang. B’fhéidir go dtiocfadh libh dráma beag nó ról-imirt a chumadh ar an téama seo.


baruil