Bíodh eagla oraibh!

An 19ú Deireadh Fómhair, 2023


 


Tá Oíche Shamhna anois ag teacht

Nuair a thiocfaidh mé féin is mo chairde amach

Ar lorg daoine is ar lorg spraoi

Tiocfaimid sa tóir oraibh, hí hí hí!


Rith leat ar shiúl uainn! Cá bhfaighidh sibh foscadh?

Imigh leat abhaile! Beidh ort brostú!!

Ach, ná gabh thart faoin reilig, mar is é sin ár gclós spraoi

Beidh eagla do chraicinn ort roimh achan rud istigh! 


Vaimpírí, taibhsí, cait dhubha, sciatháin leathair!

Mná sí agus cailleacha, frog agus nathair.

Beidh muid ann ag damhsa, is ag eitilt don spórt,

Ag déanamh siamsaíochta de gach uile shórt!


An spórt is fearr linn thar gach uile ,

Ná, páistí a scanrú, ar mhaithe le spraoi!

Má thagann tú amach san oíche dhorcha fhuar,

Seans go dtiocfaimid ortsa, ní fios cén uair! 


Amharc thar do ghualainn, bí ag éisteacht go géar,

An éan sin, nó cailleach ag eitilt sa spéir?

Ó, is breá linn Oíche Shamhna - an oíche is fearr sa bhliain,

Nuair a bhíonn an neamhbheo ag ceiliúradh go fiáin!


Bíodh eagla oraibh, a pháistí ! Is fanaigí istigh! 

Lig domsa is do mo chairde bheith ag súgradh amuigh!


Le déanamh:

Bain sult as Oíche Shamhna! Déan ceiliúradh le do theaghlach is do chairde! Ná déan dearmad de bheith cúramach thart ar spréachairí, ar thinte cnámh, srl. 


baruil