Tá an carr sin…Luvly!

An 19ú Deireadh Fómhair, 2023


Deir comhlacht as an tSualainn go bhfuil an carr foirfe don chathair déanta acu. Ní hamháin go gcuideoidh an carr seo le lucht na cathrach, deir an comhlacht go gcuideoidh sé go mór leis an timpeallacht fosta. Tá súil ag Luvly, an comhlacht, go n-athróidh an carr nua seo an bealach a mbíonn gach duine ag smaoineamh ar charranna.

An Luvly-O – nach bhfuil sé galánta!


An ‘Luvly-O’ an t-ainm atá ar an charr seo agus tá sé difriúil le carranna eile ar chúpla bealach. An difear is mó, ná go dtagann sé i mbosca! Tá treoracha lena chur le chéile, go díreach cosúil le ball troscáin a cheannófá as leithéidí Ikea! Ach, ná bí buartha, ní bheidh ar an chustaiméir an carr a chur le chéile, beidh ar an díoltóir carranna é sin a dhéanamh. Cionn is gur carr ‘leacphaca’ atá ann, glacann sé i bhfad níos lú spáis sna leoraithe a thugann chuig na díoltóirí carranna é. Ar an dóigh sin, bíonn níos lú leoraithe de dhíth – rud atá thar a bheith maith don timpeallacht!

Troscán leacphaca, caithfidh tú na treoracha a leanúint lena chur le chéile


Tagann an t-ainm LUVLY ón Bhéarla, LUVlight urban vehicle nó ‘feithicil éadrom uirbeach’. Tagann a lán truaillithe as na carranna díosail agus peitril i gcathracha an lae inniu agus glacann na carranna móra suas a lán spáis. Is carr leictreach é an Luvly-O, mar sin, ní chuireann sé gas nimhiúil amach san atmaisféar.

Deir Luvly go dtógann sé 80% níos lú fuinnimh le carr Luvly-O a dhéanamh sa mhonarcha agus a iompar chuig an díoltóir carranna, ná mar a thógann sé le gnáth-charr leictreach.

Tá an Luvly-O iontach maith don timpeallacht


Ar a bharr sin, tá achan uile chuid den charr déanta as ábhair athchúrsáilte agus thig leat an carr iomlán a athchúrsáil arís nuair a bhíonn a ‘rás rite’. Deir Luvly gur carr iontach sábháilte é fosta. Tá an teicneolaíocht chéanna ann is atá i gcarranna rásaíochta foirmle 1, leis an tiománaí agus le coisithe nó ainmhithe a choinneáil sábháilte, má bhíonn timpiste ann.

Thig leat tiomáint suas le 100km ar luchtú amháin


Tá an Luvly-O iontach éadrom, tá níos lú ná 400kg de mheáchan ann (gan na cadhnraí san áireamh). Mar sin, bíonn níos lú fuinnimh de dhíth lena rith. Tá sé i bhfad níos lú ná cuid mhaith carranna eile – tá sé 270cm ar fad, 153cm ar leithead agus 144cm ar airde. Mar sin, ba cheart go mbeadh sé furasta go leor spás páirceála a aimsiú!

Tá spás do bheirt phaisinéirí sa Luvly-O ach tá an comhlacht ag dul a thógáil carranna do cheathrar


Thig leis tiomáint suas le 100km ar luchtú amháin. Mar sin de, go fiú sna cathracha is mó in Éirinn, ba cheart go mbeifeá ábalta dul chuig go leor áiteanna ar luchtú amháin!

 

Le plé


? Tá imeartas focal ann in ainm an chomhlachta agus an chairr – is LUV é an carr, agus tá imeartas focal ann idir LUVly agus an focal Lovely sa Bhéarla. An síleann tú go bhfuil an carr galánta? Ar mhaith leat féin ceann a cheannach?

 

? Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar imeartas focal ar bith sa Ghaeilge nó go fiú ar imeartas focal a thrasnaíonn an Ghaeilge agus an Béarla?
Mar shampla, cad é a duirt cat amháin a cheap luchóg leis an chat eile nár eirigh leis an luchóg a cheapadh? Mí-ádh!


 

Seachtain na Matamataice

Tá cuid mhór mata san alt seo – an dtig libh na ceisteanna seo a leanas, bunaithe ar mhata an ailt, a fhreagairt?


Tá an Luvly-O 270cm ar fad, 153cm ar leithead agus 144cm ar airde.

🚗 An bhfuil rud ar bith sa seomra ranga s’agat níos faide ná an Luvly-O?
🚗 An bhfuil rud ar bith agaibh atá chomh fada céanna (nó chóir a bheith chomh fada céanna) le 153cm?
🚗 Cá mhéad duine sa rang atá níos airde ná an Luvly-O? Cá mhéad duine nach bhfuil níos airde?

 

Thig leis an Luvly-O tiomáint suas le 100km ar luchtú amháin

🚗 Faigh léarscáil – cad é an baile is faide ar shiúl ón bhaile s’agat féin a dtiocfadh leat tiomáint chuige sa Luvly-O?

 

(Tá an ceann seo deacair – ná bí buartha mura bhfuil tú cinnte faoi chéatadáin go fóill!)
Glacann sé 80% níos lú fuinnimh le Luvly-O a chruthú ná mar a ghlacann sé le gnáthcharr leictreach
Is cineál de chodán é ‘céatadán’ – cosúil le 80/100 (nó 8/10). An dtig leat na céatadáin seo a leanas a oibriú amach:

🚗 Faigh 50% de 10.
🚗 Faigh 25% de 20.
🚗 Faigh 10% de 200.
🚗 Tá 20 páiste i rang 5, is cailíní iad 75% den rang. Cá mhéad buachaill atá sa rang?
🚗 Tá 30 milseán i mbosca. Is milseáin oráiste iad 20% – cá mhéad milseán oráiste atá ann?


NuachtAnois iontach buíoch den chomhlacht Luvly a thug cead dúinn na grianghraif agus an físeán san alt seo a roinnt libh

baruil