Ar lorg na hAthchúrsála

An 17ú Deireadh Fómhair, 2023

An raibh a fhios agaibh gurb í seo Seachtain na hAthchúrsála? Bíonn an tseachtain seo á ceiliúradh gach bliain i mí Dheireadh Fómhair, chun aird a dhíriú ar an mhaith a dhéanann an Athchúrsáil don phláinéad s’againn.

(Tá an bruscar seo sórtáilte go maith sna boscaí difriúla don athchúrsáil.)


An bhfuil tú eolach ar an mhéid a tharlaíonn don bhruscar s’agat? Bhuel, má chuireann tú do bhruscar sa ghnáth-bhosca bruscair, rachaidh sé isteach i bpoll mór sa talamh áit éigin. Fadhb ar bith, a deir tú. Sin deireadh le mo chuid bruscair, ní chaithfidh mé bheith buartha faoi níos mó. ACH, níl sé chomh furasta sin!

(Bíonn a lán bruscair againn anois. Ní féidir gach píosa bruscair a chur faoin talamh!)


Sa lá atá inniu ann, bíonn cuid mhór plaisteach sa bhruscar againn. Níl plaisteach maith don chré. Ní lobhann plaisteach go furasta agus scaoileann sé ceimiceáin isteach sa talamh de réir a chéile. Ní bhíonn na ceimiceáin sin maith do na hainmhithe ná do na mion-ainmhithe. Agus is feidir leis na ceimiceáin an córas uisce a thruailliú, má théann siad isteach sna lochanna, nó sna haibhneacha. (Chonaic sibh in alt roimhe go bhfuil fadhb mhór le halga gormghlas ag truailliú Loch nEathach - síleann na heolaithe gurb é barraíocht ceimiceán sa chóras uisce is cúis leis an truailliú sin.)

(Tá an duine seo ag tógáil buidéal plaisteach lena athchúrsáil.)


Is léir, mar sin, gur fearr gan plaisteach a chur isteach sa ghnáth-bhosca bruscair! Ach, cad é ba cheart dúinn a dhéanamh leis? Bhuel, an téama atá ag an tSeachtain Athchúrsála i mbliana ná “ar lorg na hathchúrsála”. Le linn na seachtaine seo (agus ina dhiaidh, ar ndóigh) moltar dúinn aird a dhíriú ar an mhéid a bhíonn á athchúrsáil againn. An bhfuil muid cinnte cad iad na rudaí is féidir linn a athchúrsáil? Ar fhág muid rud ar bith amach, b’fhéidir, a thiocfadh linn a chur sa bhosca bruscair athchúrsála?

(An raibh a fhios agat gur féidir na buidéil phlaisteacha seo ar fad a athchúrsáil?)


De réir cosúlachta, cuireann daoine cuid mhór rudaí sa ghnáth-bhosca bruscair gan a fhios acu go dtig leo iad a athchúrsáil. Mar shampla, an raibh a fhios agat go dtig leat na rudaí seo uilig a athchúrsáil nuair a bhíonn siad folamh?

- cannaí bia,

- buidéil seampú,

- potaí agus tráidirí plaisteacha, agus

- cannaí aerasóil.

Nuair a bhíonn na rudaí sin folamh, níl le déanamh ach iad a ní agus ansin iad a chur sa bhosca athchúrsála. Thig an plaisteach sin ar fad a bheith athchúrsáilte agus rudaí nua déanta amach as. Ní gá é a chur sa talamh.

(Fuair na cailíní seo amach gur féidir malaí agus clúdaigh phlaisteacha a athchúrsáil san Ionad Athchúrsála.)


Ón tSeachtain seo ar aghaidh, mar sin, an dtig leatsa dul ar lorg na hAthchúrsála sa bhaile agus ar scoil?


Le plé nó le déanamh

Dear póstaer chun Seachtain na hAthchúrsála a fhógairt. Smaoinigh ar an eolas ba mhaith leat a chur in iúl do dhaoine tríd do phóstaer.


Téigh ar lorg na hAthchúrsála thart faoin scoil agus faoin cheantar ina bhfuil tú. (Thiocfadh leat seo a dhéanamh le do theaghlach, le do chairde, nó le do rang, b’fhéidir.) Bailigh an bruscar a fheiceann tú agus cuir sa bhosca bruscair cheart é. Déan taifead de na cineálacha bruscair a bhailíonn tú agus tarraing graf lena léiriú.


Bí cruthaitheach! An dtig leat rud éigin a chruthú leis na potaí / buidéil / tráidirí plaisteacha a bhíonn sa bhosca athchúrsála? (Píosa ealaíne b’fhéidir, nó rud éigin a bhaineann le topaic ar a bhfuil tú ag déanamh staidéir ar scoil?)


Bain triail as an cluiche seo:


baruil