Tá dhá scil ag baint leis na dairteanna. Ar dtús, caithfidh tú an dairt a chaitheamh go cruinn, ach ina dhiaidh sin, caithfidh tú do chuid scileanna MATAMAITICE a úsáid leis an scóráil a dhéanamh. Léigh na rialacha ar dtús agus bíodh cluiche agat le cara leat.
NA RIALACHA
Is cluiche do bheirt é, de ghnáth.
Tosaíonn tú ar 301 pointe* agus caithfidh tú 0 a bhaint amach! Baineann tú do scór de do chuid pointí gach seal. Is é an buaiteoir an chéad duine le 0 a bhaint amach go díreach, gan dul níos ísle.
Má thiteann do dhairt ar an chiorcal bheag sa lár (súil na sprice) – faigheann tú 50 pointe
Má thiteann sí san fháinne thart ar an chiorcal sa lár, faigheann tú 25 pointe
Má thiteann sí sa bhosca bheag ghlas nó dearg i lár teascán uimhreach, iolraíonn tú an uimhir faoi thrí agus faigheann tú an méid sin pointí.
Má thiteann sí sa bhosca ghlas nó dearg níos mó ag barr teascán uimhreach, iolraíonn tú an uimhir faoi dhó agus faigheann tú an méid sin pointí.
Ar do sheal, caith 3 dhairt agus suimigh do chuid pointí. Bain an méid sin pointí ar shiúl ó 301, is é an freagra do scór nua – DÉAN NÓTA DE.
Lean ort go dtí go n-éiríonn tú cóngarach do 0 ach bí cúramach:
CAITHFIDH TÚ críochnú ar uimhir dhúbailte (an bosca ag barr teascán uimhreach); agus
CAITHFIDH TÚ críochnú go díreach ar 0. Má fhaigheann tú scór níos lú ná 0 nó má chríochnaíonn tú ar 1, cailleann tú seal agus téann tú ar ais chuig an scór deireanach a bhí agat.
CLICEÁIL AR AN tSAIGHEAD BHEAG LENA SHOCRÚ CÉN ÁIT A RACHAIDH DO DHAIRT.
Cliceálann tú dhá uair leis an suíomh beacht a roghnú – trasna, agus ansin, suas nó síos.
ÁDH MÓR!
*Más mian leat cluiche rud beag níos faide, tosaigh ar 501
Tá NuachtAnois iontach buíoch de Raúl Rodríguez a chuir an cluiche seo ar fáil trí cheadúnas MIT