An Aoine, an 13ú lá…🐈‍⬛🐈‍⬛🐈‍⬛

 

An 13ú Deireadh Fómhair, 2023


An síleann tusa go bhfuil mí-ádh ag baint leis an Aoine, an 13ú lá?

 

Aoine an 13ú lá – lá mór an mhí-áidh, más fíor, ach an duine piseogach thusa?

Níl a fhios ag duine ar bith cén fáth go díreach a bhfuil mí-ádh in ainm is a bheith ag baint leis an Aoine, an tríú lá déag. Síleann daoine go bhfuil baint ag an scéal le saol Íosa agus an Suipéar Deireanach.

Síleann daoine go bhfuil baint ag na piseoga seo leis an Suipéar Deireanach (sa phictiúr thuas, tá an 13ú duine ag sleamhnú ar shiúl)

 

Bhí 13 dhuine ag an Suipéar Deireanach. Thiocfadh leat a rá gurbh é Iúdas an 13ú duine agus ba é Iúdas a thréig Íosa. Ba ar an Aoine, ar ndóigh, a cuireadh Íosa chun báis. Síleann daoine gur sin an fáth a gceanglaímid mí-ádh leis an Aoine, an 13ú lá.

Thar lá ar bith eile, ná siúil faoi dhréimire inniu! (Más duine piseogach thú!)

 

Sa Spáinn, ceanglaíonn daoine mí-ádh leis an 13ú lá má thiteann sé ar an Mháirt. San Iodáil, is í an Aoine lá an mhí-áidh go fóill ach bíonn an mí-ádh sin níos measa má thiteann an Aoine ar an 17ú. Mar sin de, tá an phiseogacht coitianta go leor ar fud an domhain.

Bíonn go leor de na Gaeil piseogach. An síleann tusa go bhfuil snag breac mí-ádhúil?

 

Ní rud traidisiúnta é in Éirinn, mí-ádh a bheith ag baint leis an Aoine an 13ú lá ach is fíor a rá gur daoine thar a bheith piseogach iad na Gaeil. Mar sin de, is dócha go raibh muid iontach sásta glacadh leis an Aoine a bheith ag titim ar an 13ú lá mar dheis eile le bheith piseogach agus ár gcuid nósanna eile piseogacha a chleachtadh! 


Seo thíos cuid de na piseoga is mó a bhíonn ag na Gaeil – an dtugann tusa aird ar cheann ar bith acu?

 

🐈‍⬛ Má fheiceann tú snag breac amháin – tiocfaidh drochádh ort, ach is maith an rud beirt acu a fheiceáil le chéile ar thaobh do láimhe deise.


🐈‍⬛ Má fheiceann tú cat dubh sa chosán romhat, caithfidh tú triantán a dhéanamh le do mhéara agus d’ordóga agus seile a chaitheamh i dtreo an chait tríd an triantán. Mura ndéanann tú sin – MÍ-ÁDH!


🐈‍⬛ Má mharaíonn tú spideog – beidh drochádh agat an chuid eile de do shaol!

Ná maraigh spideog, ní hamháin go bhfuil sé mí-ádhúil - NÍL SÉ DEAS!


Agus ceann níos scáfaire arís…

🐈‍⬛ Má thiteann tú agus tú sa reilig, beidh tú MARBH roimh dheireadh na bliana sin! 

Ná tit sa reilig - gortóidh tú thú féin!

 

Gníomhaíochtaí

An dtig leatsa smaoineamh ar phiseoga ar bith eile a bhíonn ag daoine?

 

Focal scoir:

Sna blianta 1800, d’éirigh fear i Sasana darbh ainm William Fowler, iontach crosta le caint phiseogach.

Chuir sé cumann darbh ainm Club 13 ar bun. Bhí 13 bhall sa chlub. Bhuail siad le chéile le dinnéar a ithe i dteach uimhir a 13 ar an Aoine, an 13ú lá de mhí Eanáir, 1881. Shiúl siad faoi dhréimire ar an bhealach isteach agus rinne siad cinnte de gur oscail gach duine acu scáth fearthainne nuair a bhí siad istigh sa seomra.

An bhfuil a fhios agat cad é a tharla dóibh? Fuair NuachtAnois amach…

 

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿

👇🏿 

… NÁR tharla RUD AR BITH olc dóibh!



baruil