Dúshlán mór d’Éirinn

An 11ú Deireadh Fómhair, 2023


Beidh cluiche OLLMHÓR ag Éirinn i gCorn Domhanda an Rugbaí Dé Sathairn. Ar a 8 a chlog, sa Stade de France i bPáras, tabharfaidh na hÉireannaigh aghaidh ar an fhoireann rugbaí is clúití ar domhan – an Nua-Shéalainn.

An Nua-Shéalainn, nuair a bhuail siad Éire in 2019


Seo an cluiche ceathrú ceannais

 

Seo cluiche ceathrú ceannais an chomórtais. Má chailleann Éire an cluiche, rachaidh siad abhaile. Seo an 9ú Corn Domhanda rugbaí – cuireadh tús leis an chomórtas thiar sa bhliain 1987 agus d’imir Éire i ngach aon chomórtas. Ach níor éirigh leo dul níos faide ná an babhta ceathrú ceannais RIAMH.

D’imir Éire i ngach Corn Domhanda go dtí seo ach ní dheachaigh siad níos faide riamh ná an babhta ceathrú ceannais

 

4 bliana ó shin, nuair a imríodh an comórtas sa tSeapáin, bhí orthu imirt in éadan na Nua-Shéalainne sa chluiche ceathrú ceannais ach bhuail an Nua-Shéalainn go furasta iad, 46-14. Ag an am sin, bhí an Nua-Shéalainn ag uimhir 1 i rangú rugbaí an Domhain.

Déanann an Nua-Shéalainn damhsa fíochmhar darb ainm an Haka roimh gach cluiche

 

Níl aon amhras ach go gcuireann na Nua-Shéalannaigh eagla a gcraicinn ar gach foireann rugbaí eile ar domhan – agus níl muid ag caint faoin haka, damhsa fíochmhar a dhéanann siad roimh a gcuid cluichí. Tá Corn an Domhain buaite acu trí huaire. Tá níos mó ama caite acu ag uimhir 1 sa rangú domhanda ná gach tír eile ar domhan curtha le chéile! Is cinnte nach mbeidh cluiche furasta ann do lucht na ngeansaithe glasa.

Tá Corn Domhanda an rugbaí buaite ag an Nua-Shéalainn trí huaire

 

Ach tá rud ag Éirinn i mbliana, nach raibh acu in aon chorn domhanda roimhe seo. I mbliana, tá dóchas acu agus tá féin-chreidiúint acu. Den chéad uair riamh, is iad na hÉireannaigh atá ag uimhir a 1 sa rangú domhanda. Tá siad ag imirt níos fearr i mbliana ná mar a d’imir siad riamh. Níor chaill siad aon chluiche le 16 chluiche anuas. An t-am deireanach ar imir siad in éadan na Nua-Shéalainne, bhuail siad iad 32-22. Agus i gcomórtas Chorn Domhanda na bliana seo, tá Éire i ndiaidh an bua a fháil cheana féin ar bhuaiteoirí Chorn 2019, an Afraic Theas.

Is iad foireann na hÉireann atá ag uimhir a 1 i rangú rugbaí an domhain faoi láthair nó fuair siad an bua ar na foirne is fearr uilig

 

An cheist atá ann – an mbeidh na hÉireannaigh ábalta guaim a choinneáil orthu féin oíche Shathairn agus gan ligean do na néaróga an lámh in uachtar a fháil orthu. Den chéad uair riamh, an éireoidh leo dul níos faide ná an babhta ceathrú ceannais? Coinneoidh muid ar an eolas sibh!

 

Le plé

Deirtear gurb é Éire rogha na coitiantachta sa chluiche seo. An rud maith é sin? An gcuidíonn sé leis an fhoireann nó an míbhuntáiste é? Luaigh buntáiste amháin agus míbhuntáiste amháin.

 

Le déanamh

ocht bhfoireann sa bhabhta ceathrú ceannais. Faigh amach cad iad na foirne eile. Cé a shíleann tusa a rachaidh an bealach uilig agus an corn a thógáil?

 

An Haka


Is damhsa traidisiúnta de chuid na Maorach* é an haka.


Creidiúintí

baruil