Lá Domhanda na Meabhairshláinte 2023

An 10ú Deireadh Fómhair, 2023


Inniu Lá Domhanda na Meabhairshláinte. Tugann an lá seo deis dúinn ar fad aird a dhíriú ar ár meabhairshláinte. Tuigeann sibh uilig “sláinte” agus go bhfuil sé tábhachtach a bheith “sláintiúil” (is é sin, bia ceart a ithe, aclaíocht a fháil, srl.). Tá sé lán chomh tábhachtach fosta, aird a dhíriú ar an mheabhairshláinte (nó an tsláinte intinne s’againn).

(Cuidíonn saol sláintiúil leat fás go maith agus go sásta.)


Thig le domhan an lae inniu strus a chur orainn, níos mó ná riamh. Bíonn daoine buartha faoi na praghsanna a bheith ag éirí níos airde sna siopaí, nó bíonn siad buartha faoin timpeallacht agus an damáiste atá muid a dhéanamh di. Ar ndóigh, thig leat bheith buartha faoi rudaí eile a bhaineann leatsa amháin, mar shampla, má bhíonn do pheata tinn, nó má bhíonn drochscór agat sa scrúdú litrithe, srl..

(Bíonn drochlá ag gach duine anois agus arís. Ná lig don teist litrithe cur isteach ort!)


Ach, ag deireadh an lae, níl sé maith dúinn bheith ró-bhuartha. Thig leis an bhuaireamh cur isteach ar an spion a bhíonn orainn. 


Thig leis an bhuaireamh cur isteach ar an mhuinín s’againn fosta. 


ACH, tá rudaí ann a thig leat a dhéanamh le troid ar ais in éadan an bhuairimh! Mar shampla:

  • labhair le duine eile faoin bhuaireamh atá ort (cara, nó do mhúinteoir, b’fhéidir);
  • agus, déan aclaíocht (cuireann seo dea-mhothúcháin thart ar an chorp s’agat)

(Bí i do shárlaoch don mheabhairshláinte. Cuidigh le do chairde!)


I mbliana, tá moladh amháin eile agam duit, a chuidíonn leis an mheabhairshláinte - Bí buí! Is é buí dath na gréine, dath an tsolais, dath an bhuíochais, dath na dearfachta, dath an dóchais! Thiocfadh leat éadaí buí a chaitheamh, nó bonnóga buí a bhácáil (agus a ithe!), nó bláthanna buí a tharraingt.


Bain triail as inniu, a chairde. Déan rud éigin buí! Cuirfidh sé dea-spion ort!


Le plé nó le déanamh

Druid do shúile. Cad iad na rudaí ar a smaoiníonn tú nuair a chluineann tú an focal buí?


Glac trí bhomaite agus déan liosta de gach rud a dtig leat smaoineamh air, atá buí. Cuir i gcomparáid le liosta do charad é. An bhfuil na rudaí céanna ar an dá liosta s’agaibh? Cé a smaoinigh ar an mhéid is mó?


Tarraing pictiúr faoin téama buí”, nó scríobh dán faoi. (Thiocfadh leat seo a dhéanamh leat féin, nó mar chuid de ghrúpa.)




baruil