An sean agus an nua

An 9ú Deireadh Fómhair, 2023


Cad é mar a amharcann tú ar an teilifís? An bhfaigheann tú gach clár atá uait tríd an teilifíseán féin? Nó an bhfuil bosca ag do theaghlach lena dtig leo cláir a shruthú? Bíonn sé iontach furasta na laethanta seo teacht ar chláir, físeáin agus ceol tríd an idirlíon.

DVD agus seinnteoir. An bhfuil ceann sa bhaile agat go fóill?

Ach ní raibh rudaí i gcónaí chomh furasta sin. Thosaigh an comhlacht Netflix amach ag cur DVD-anna sa phost, scannáin, den chuid is mó. B’éigean do dhaoine fanacht leis an diosca DVD teacht tríd an phost agus, ansin, an DVD a chur isteach i seinnteoir. Nuair a bheadh an diosca feicthe acu, chuirfeadh siad ar ais chuig Netflix é. Agus bhí an córas sin ag Netflix go dtí seachtain ó shin. Bhí thart ar mhilliún custaiméir ag Netflix a bhí ag fáil na ndioscaí DVD go rialta ach tá deireadh curtha leis an tseirbhís anois. Agus iad ag cur na ndioscaí deireanacha amach, chuir Netflix nóta beag leis na dioscaí: ‘Ná bac leis na dioscaí a thabhairt ar ais! 

Bhí Netflix ar cheann de na chéad chomhlachtaí le seirbhísí sruthaithe a chur ar fáil – is é sin, cláir agus scannáin a shruthú tríd an idirlíon chugat. Íocann daoine síntiús gach mí agus bíonn deis acu amharc ar na cláir uilig atá ar fáil. 

Tá go leor seirbhísí sruthaithe ann.


Tá go leor seirbhísí eile ann, ar ndóigh, a chuireann siamsaíocht ar fáil.

Ceirnín agus seinnteoir.

Ach tá daoine fós ann a bhfuil dúil acu i bhfíor-rudaí seachas gach rud a fháil tríd an idirlíon. Mar shampla, bíonn díol maith ar cheirníní agus dlúthdhioscaí go fóill cé gur fusa éisteacht le ceol ar YouTube nó ar Spotify. Ach bhí cuid de na seanrudaí ciotach agus is beag seans go mbeidh siad ag teacht ar ais, mar shampla, fístéipeanna.

Fístéip agus ceann de na fadhbanna a bhain léi.

*Tugtar ‘teilifíseán’ ar an bhosca, mar shampla, ‘Chuir mé an teilifíseán ag dul’. Úsáidtear an focal ‘teilifís’ nuair a bhímid ag caint go ginearálta, mar shampla, ‘An maith leat an teilifís?’

Thig leat ceol a shruthú anois.


Le déanamh:


Amharc ar na rudaí seo thuas. Mura bhfuil a fhios agat cad é mar a oibríonn siad, cuir ceist ar dhuine fásta. Tá dóigheanna níos fusa againn anois leis an fheidhm chéanna a fháil. Cad iad na míbhuntáistí a bhaineann leo, dar leat? An bhfuil buntáiste ar bith leo? Déan liosta den dá rud. Cé acu liosta is faide?


Le plé:

An rud maith é gur féidir teacht ar a lán rudaí siamsaíochta ar an idirlíon? Síleann daoine go gcaillimid cuid den eispéireas a bhaineann leo. An bhfuil rudaí áirithe nár chóir a chur ar líne, dar leat?

 

An dtig leat smaoineamh ar rudaí a úsáidimid féin gach lá, a bheidh as dáta, b’fhéidir, agus nach mbeidh ann níos mó i gceann 10 bliana, nó 20 bliain?


baruil