Seachtain an Chódaithe

An 9ú Deireadh Fómhair, 2023


An raibh a fhios agaibh, a chairde NuachtAnois, gurb í seo Seachtain an Chódaithe? “Ach cad é faoin spéir atá i gceist le CÓDÚ?” a deir cuid agaibh (na múinteoirí, is dócha! ?). Bhuel, is é an códú an rud a ligeann do bhogearraí, aipeanna agus suíomhanna idirlín bheith ag obair. 

Ligeann an códú do ríomhairí oibriú agus “labhairt” lena chéile



Is cineál teanga é an códú a thugann treoir don ríomhaire faoi cad é atá le déanamh, mar nach bhfuil ríomhairí ábalta smaoineamh dóibh féin (go fóill beag cibé!) Caithfidh an treoir atá scríofa sa chódú bheith iontach beacht, nó leanfaidh an ríomhaire é, fiú má bhíonn sé contráilte. 

Scríobhtar an cód i dteanga eile a thuigeann ríomhairí


Má smaoiníonn tú ar ghléas leictreonach ar bith, abair, ríomhaire glúine nó táibléad, bhí ar dhuine éigin cód a scríobh le go n-oibreodh an gléas sin mar is ceart. Agus ní hamháin na ‘ríomhairí beaga’ sin, ach tá cuid mhór gléasanna eile thart faoin teach a oibríonn mar gheall ar chódú sa lá inniu - an t-oigheann micreathonnach, an cuisneoir agus an reoiteoir, mar shampla. 

Oibríonn an t-oigheann micreathonnach mar gheall ar chódú chomh maith


Thosaigh an códú amach mar ‘theanga’ amháin a bhí ar eolas ag fíorbheagán ríomheolaithe. Ach, de réir mar a mhéadaigh úsáid na ríomhairí agus de réir mar a mhéadaigh na rudaí is féidir linn a dhéanamh le ríomhairí, mhéadaigh an méid ‘teangacha ríomhaire’ a scríobhann daoine cód iontu. 

Tá cuid mhór teangacha ríomhaire ann anois


Sa lá atá inniu ann, tá teangacha códaithe ann a bhíonn scríofa le téacs (focail agus uimhreacha), ach tá teangacha eile ann a bhaineann úsáid as pictiúir agus grafaicí. Seans gur úsáid tú códú pictiúrtha cheana féin dá mba rud é gur úsáid tú “Scratch” nó “Microbit” riamh. Tá sé i bhfad níos fusa bheith ag foghlaim faoin chódú agus do chódú féin a dhéanamh le clár pictiúrtha, cosúil le Scratch, in áit téacs fada casta a fhoghlaim. 

Páiste ag baint úsáid as Microbit


An riail is tábhachtaí faoin chódú ná go gcaithfidh sé bheith cruinn ceart ciallmhar i gcónaí. Mura n-oibríonn an treoir a thug tú don ríomhaire, tá meancóg déanta agat sa chódú. Mar sin, caithfidh tú dul siar agus seic a dhéanamh ar na treoracha a scríobh tú. Tugtar “dí-fhabhtú” ar an phróiseas seo, ag dul siar leis na fadhbanna a shocrú. Is scil an-úsáideach é an “dí-fhabhtú” - is é sin, dul siar ar d’obair agus na meancóga a aimsiú agus iad a cheartú! Thiocfadh leis sin cuidiú leat éirí níos fearr in ábhar, nó teanga, ar bith!

Tá an bhean seo ag dífhabhtú. Tá sí ag cuardach na meancóige i sraith fhada cóid


Le plé nó le déanamh

💻 An dtig leat smaoineamh ar ghléas ar bith eile i do theach, nó i do rang, a oibríonn mar gheall ar an chódú?

💻 Bain triail as códú a dhéanamh tú féin ar Scratch le beochan bheag a dhéanamh. 


baruil