Lá Domhanda na Múinteoirí

An 5ú Deireadh Fómhair, 2023


Cuidíonn múinteoirí linn scileanna iontach tábhachtach a fhoghlaim


Inniu Lá Idirnáisiúnta an Mhúinteora. Is lá é seo nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar an obair thábhachtach a dhéanann múinteoirí. Múineann múinteoirí scileanna luachmhara dúinn a bheidh muid ábalta a úsáid ar feadh an tsaoil.

Múineann na daoine a thugann aire dúinn sa bhaile a lán scileanna tábhachtacha dúinn


Aithníonn gach scoil in Éirinn gurb iad na tuismitheoirí nó na cúramóirí sa bhaile na chéad mhúinteoirí a bhíonn ag gach páiste. Teagascann siadsan a lán rudaí tábhachtacha duit, go fiú sula leagann tú cos isteach sa seomra ranga. Ach ní féidir leis na daoine sa bhaile na scileanna ar fad a bheas de dhíth ort don saol a theagasc duit – sin an fáth a dtéimid ar scoil.

Níl go leor múinteoirí ann!


Bíonn téama difriúil ag baint le Lá Domhanda na Múinteoirí gach bliain. Baineann téama na bliana seo leis an ghanntanas múinteoirí atá ann ar fud an domhain. Tá a lán cúiseanna difriúla leis an ghanntanas seo i dtíortha difriúla. In Éirinn, tá an fhadhb iontach feiceálach sna meánscoileanna lán-Ghaeilge.

Le bheith i do mhúinteoir i nGaelcholáiste, tá dhá rud de dhíth: 

  • saineolas ar an ábhar atá tú ag dul a theagasc;

  • agus Gaeilge mhaith leis an ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge.

Ar an drochuair, níl go leor múinteoirí ann atá ábalta ábhair cosúil leis an Eolaíocht ná an Ríomhaireacht a theagasc trí mheán na Gaeilge.


Más mian leat bheith i do mhúinteoir, tá dhá bhealach ann lena dhéanamh. 


Bealach 1 – Céim san Oideachas

Téann tú chuig an ollscoil agus déanann tú céim san oideachas. Foghlaimíonn tú cuid mhór faoi na dóigheanna difriúla ar fad a mbíonn páistí ag foghlaim agus faoi na bealaí is fearr le cuidiú le gach páiste dul chun cinn a dhéanamh. 

Mic léinn ollscoile atá ag déanamh céim san oideachas


Bealach 2 – Céim in ábhar eile agus cúrsa speisialta le bheith i do mhúinteoir

Téann tú chuig an ollscoil agus déanann tú céim in ábhar ar bith (Mata, nó Gaeilge, nó Spáinnis, nó Eolaíocht, nó Ríomhaireacht – do rogha rud!). Ansin, déanann tú cúrsa speisialta a mhaireann bliain amháin (sa Tuaisceart) nó dhá bhliain (sa Deisceart) leis na scileanna múinteoireachta a fhoghlaim. Mar shampla, má dhéanann tú céim sa Ríomhaireacht, is saineolaí ríomhaireachta thú agus is féidir leat an ríomhaireacht a theagasc sa mheánscoil.

 Mic léinn ollscoile atá ag déanamh céim san eolaíocht

Ach b’fhéidir go mbeifeá féin, nó duine nó beirt i do rang, ábalta rud éigin a dhéanamh amach anseo le cur in éadan an ghanntanais seo múinteoirí meánscoile…

Tá 293 bunscoil in Éirinn ina mbíonn páistí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge agus 81 meánscoil – sin cuid mhór Gaeilgeoirí óga!


Ó cheann ceann na tíre anois, tá beagnach 70,000 páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta (tusa ina measc!). Nuair a fhágfaidh tú an scoil, beidh Gaeilge líofa agat. Má chleachtann tú do chuid Gaeilge agus má choinníonn tú snas uirthi, beidh sí agat ar feadh do shaoil. Mar sin, má shocraíonn tú ar chéim ollscoile a dhéanamh, i do rogha ábhar, agus má shocraíonn tú gur mhaith leat bheith i do mhúinteoir, d’fhéadfá an t-ábhar sin a theagasc i nGaelcholáiste!

Ar mhaith leat dul chuig an ollscoil agus céim a fháil? Thiocfadh leat bheith i do mhúinteoir Gaelscoile!


Le plé / le déanamh

Ar mhaith leat bheith i do mhúinteoir? Cén fáth?

Mar rang, déanaigí liosta de na rudaí maithe uilig faoi shaol an mhúinteora – na buntáistí agus na rudaí nach mbeadh chomh maith sin – na míbhuntáistí. Cén liosta is faide?

Cé acu ab fhearr leat – a bheith i do mhúinteoir bunscoile nó i do mhúinteoir meánscoile. Cén fáth?

Dá mba mhúinteoir meánscoile thú, cén t-ábhar ba mhaith leat a theagasc agus cén fáth?



baruil