6 Daoine Óga in éadan 32 Tír

An 3ú Deireadh Fómhair, 2023


Thosaigh cás cúirte mór i gcúirt sa Fhrainc, an tseachtain seo caite. Ar thaobh amháin, tá 32 rialtas difriúil, Éire ina measc, agus 87 dlíodóir costasach cliste. Ar an taobh eile, tá 6 daoine óga as an Phortaingéil, an duine is óige acu 11 bhliain d’aois! Sa lár, tá 22 breitheamh ón Chúirt Eorpach um Chearta an Duine – is iadsan a dhéanfaidh an cinneadh faoin chás sa deireadh thiar thall.

An Chúirt um Chearta an Duine i Strasbourg, sa Fhrainc


Is iad na daoine óga a thosaigh an cás cúirte. Má bhaineann siad é, beidh ar na tíortha saibhre seo an dóigh a bhfuil siad ag dul i ngleic leis an athrú aeráide a athrú go mór!

Dar leis na daoine óga nach bhfuil na tíortha saibhre ag déanamh go leor leis an Athrú Aeráide a mhoilliú


Deir na daoine óga nach bhfuil na tíortha saibhre ag déanamh go leor sa troid in éadan Athrú Aeráide. Deir siad go bhfuil an mhoilleadóireacht seo ag cur a meabhairshláinte agus a sláinte fhisiceach i mbaol. Dar leis na daoine óga gur sárú é seo ar a gcearta daonna.

Bíonn loscadh sléibhe ann go mion minic sa Phortaingéil anois agus síleann daoine go mbaineann sé seo leis an athrú aeráide


Deir na daoine óga go bhfuil éifeachtaí agus tionchar an Athraithe Aeráide ag éirí níos measa bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil sé seo le feiceáil go soiléir i dtíortha amhail an Phortaingéil.

Martim, 20 bliain d’aois – duine de na daoine atá taobh thiar den chás cúirte

Catarina, 23 bliana d’aois – tá an tAthrú Aeráide ag cur isteach go mór uirthi


Is cuimhin le Martim an falscaí mhór a bhí ann in 2017. Bhí ar an scoil s’aige druidim mar gheall ar an toit. Is cuimhin leis an scrios a d’fhág an tine ina diaidh.

Is cuimhin le Catarina falscaí 2017 fosta, agus na falscaithe a tháinig gach bliain ina dhiaidh sin. Deir sí go bhfuil sé ag éirí níos deacra, bliain i ndiaidh bliana, cónaí sa cheantar s’aici. Ní féidir léi aclaíocht a dhéanamh amuigh faoin aer agus ní féidir léi codladh i gceart mar gheall ar an teas. Bíonn sí i gcónaí buartha faoin chéad fhalscaí eile.

Falscaí sa Phortaingéil



Cláudia, 24 bliana d’aois


Is í Cláudia an duine is sine den seisear – Is banaltra í agus tuigeann sí go maith an dóigh a gcuireann na teochtaí arda isteach ar dhaoine – go háirithe seandaoine agus daoine atá tinn. Bíonn sé te i gcónaí sa Phortaingéil ach ní fhaca na daoine teochtaí chomh hard leis an teas a bhíonn ann anois riamh roimhe.

Sophia, 18 mbliana d’aois – scanraíonn an tAthrú Aeráide í. Ba mhaith léi bheith ina heolaí le gur féidir léi féin troid in éadan Athrú Aeráide

André, 15 bliana d’aois – ba mhaith leis-sean bheith ag obair leis an teicneolaíocht aeráide fosta


Is deirfiúr agus deartháir iad Sofia agus André. Tá siad iontach buartha faoin Athrú Aeráide agus faoin todhchaí. Deir siad go bhfuil na cairde s’acu uilig buartha chomh maith. Is breá leo a dtír agus a gceantar, ach níl a fhios acu an mbeidh siad ábalta fanacht ansin nuair a bheas siad níos sine.

Mariana, 11 bhliain d’aois


Is í Mariana an duine is óige agus tá sí iontach buartha faoin Athrú Aeráide. Níl a fhios aici cén sórt todhchaí a bheidh i ndán di mura ndéanann na rialtais mhóra rud éigin radacach leis an Athrú Aeráide a mhoilliú. Ní bheidh an chuid is mó de na polaiteoirí seo ann sa bhliain 2100, ach gach seans go mbeidh Mariana – beidh sí 88. Cén sórt aeráide a bheas ann sa Phortaingéil faoin am sin?

Tá a fhios ag na rialtais na rudaí go léir atá le déanamh acu ach an bhfuil siad ag obair gasta go leor?


Tá na rialtais mhóra buartha faoin airgead agus faoin mhéid a chosnóidh na rudaí go léir atá le déanamh, má tá muid leis an Athrú Aeráide a mhoilliú.
Tá na daoine óga buartha faoina saol agus faoina dtodhchaí.

Coinneoidh muid sibh ar an eolas faoin chás.

 

Le plé

🌍 Mar rang, déanaigí plé ar na rudaí go léir a d’fhéadfadh na rialtais seo a dhéanamh le dul i ngleic leis an Athrú Aeráide agus faoin tionchar a bheadh aige seo ar ghnáthdhaoine.

🌍 An bhfuil sé cothrom an locht ar fad a chur ar na rialtais? Ar cheart do na gnáthdhaoine níos mó a dhéanamh? Mínigh do fhreagra.

🌍 Tá dlíodóir Éireannach ag cuidiú leis na daoine óga seo. Bhí seisean iontach míshásta faoin rud a dúirt rialtas na hÉireann* faoin chás, shíl sé go ndearna rialtas na hÉireann a bheag de bhuarthaí agus d’imní na ndaoine óga. An síleann tú go mbeadh barúlacha difriúla ag muintir na hÉireann faoin Athrú Aeráide, dá mbeadh muid inár gcónaí i dtír eile? Mínigh do fhreagra.

🌍 In amanna, síleann páistí agus daoine óga nach féidir leo rudaí a athrú mar gurb iad na daoine fásta atá i gceannas agus is iad na daoine fásta a bhfuil an chumhacht agus an t-airgead acu. An féidir leat smaoineamh ar pháiste ar bith a rinne difear mór sa troid in éadan Athrú Aeráide le blianta beaga anuas? An féidir leat smaoineamh ar rudaí eile a d’fhéadfadh páistí nó daoine óga a dhéanamh le difear a dhéanamh sa saol?

 

An dtig le páistí rud ar bith a dhéanamh faoin fhadhb seo?

 

 

Taobh istigh den Chúirt um Chearta an Duine © Paolo Sgarbanti/Shutterstock

baruil