An Mhí Idirnáisiúnta le Siúl ar Scoil

An 2ú Deireadh Fómhair, 2023


Ar léigh tú an t-alt a bhí againn faoin chroí cúpla lá ó shin? San alt, luaigh muid go bhfuil aclaíocht iontach tábhachtach do do chroí. Is minic nach bhfaigheann daoine go leor aclaíochta agus caithfidh siad amanna speisialta a chruthú le haclaíocht a dhéanamh. Ach tá réiteach furasta amháin ar an fhadhb sin: má shiúlann tú ar scoil, beidh tú ag tosú ar an aclaíocht go luath agus ní bheidh ort am speisialta a fhágáil ar leataobh di.

Cé acu is fearr leat – bus a fháil nó bheith ag siúl?

Agus má tá spreagadh de dhíth ort, is é seo an Mhí Idirnáisiúnta le Siúl ar Scoil. Sa bhliain 2011, tháinig daoine ó 40 tír le chéile, Éire ina measc, agus bhí na milliúin páiste ag siúl. Tá a lán buntáistí ag baint leis an siúl.

Beidh tú níos cóngaraí don nádúr.

Sa chéad dul síos, beidh tú amuigh faoin aer, agus fiú má tá tú i do chónaí i gcathair, is fearr sin ná bheith cuachta istigh i gcarr nó ar bhus. Bíonn an siúl maith don mheabhairshláinte chomh maith, nó beidh níos mó seans agat bheith amuigh sa nádúr. Tugann sé deis dúinn bheith ag caint lenár gcairde nó lenár dteaghlach má bhíonn siad ar an turas céanna.

An dtuigeann tú an nath cainte ‘Tús maith – leath na hoibre’? Ciallaíonn sé go mbíonn tábhacht leis an dóigh a dtosaímid rudaí. Níl bealach ar bith níos fearr le tús a chur leis an lá ná bheith ag siúl. Beidh an ocsaigin ag rith thart ionat agus beidh tú múscailte don lá scoile ina dhiaidh.

Má shiúlann tú ar scoil go rialta, cuirfidh tú eolas níos fearr ar do cheantar féin. Beidh meas níos mó agat ar do thimpeallacht féin agus b’fhéidir go mbeifeá níos cúramaí léi. Ar a bharr sin, má shiúlann tú ar scoil, ní bheidh carr de dhíth, rud a bheidh ina chuidiú don timpeallacht chomh maith.

Páistí ag trasnú ag trasrian coisithe

Má bhíonn tú amuigh ag siúl, is gá a chuimhneamh go mbíonn bóithre contúirteach. Faigh cead ó do thuismitheoirí nó caomhnóirí ar dtús. Déan cinnte de, chomh maith, go bhfuil bealach agat ina dtig leat bóithre móra a thrasnú le soilse nó le trasrian coisithe. Agus má bhíonn sé dorcha, ná déan dearmad éadaí geala a chaitheamh le bheith feiceálach.

Bí feiceálach!


Le plé:

Deirtear go mbíonn páistí falsa agus leisciúil na laethanta seo. Do bharúil, an bhfuil seo fíor? Cad iad na rudaí a dhéanann páistí a léiríonn go bhfuil siad aclaí? Agus na rudaí a léiríonn go bhfuil siad falsa nó leisciúil?


Le déanamh:

Ní bheidh gach duine ábalta bheith páirteach ag siúl ar scoil ar chúiseanna éagsúla. Cuir le chéile plean le go dtiocfadh le gach duine bheith páirteach. Mol roghanna eile le go dtig le gach duine rud beag aclaíochta a chur isteach ina lá.


baruil