Stoirm Agnes

An 27ú Meán Fómhair, 2023


Tá an chéad stoirm den bhliain i ndiaidh an tír a bhualadh ar maidin. Stoirm Agnes an t-ainm atá ar an stoirm seo agus tá rabhadh tugtha ag lucht tuartha na haimsire go mbeidh gaoth mhór ann mar aon lena lán fearthainne. Tá rabhadh buí ann don chuid is mó den tír, go háirithe ó dheas agus san oirthear, agus tá rabhadh oráiste ann do Chiarraí agus Corcaigh. Ciallaíonn rabhadh buí gur féidir go mbeadh sé contúirteach in áiteanna éagsúla ach nach gá bheith ró-bhuartha faoi. Ach ciallaíonn rabhadh oráiste go bhfuil baol ann do dhaoine agus do rudaí atá taobh amuigh.

Tiocfaidh Stoirm Agnes isteach sa tír sa deisceart agus déanfaidh sí a bealach ó thuaidh le linn an lae. Meastar go mbeidh an ghaoth chomh láidir le 120km san uair in áiteanna agus go mbeidh sí níos láidre arís cois cósta. Moltar do dhaoine gan bheith ag siúl cois farraige mar gheall ar an ghaoth mhór agus na tonnta contúirteacha.

Beidh baol tuilte ann chomh maith leis an fhearthainn throm. Beidh an fhearthainn trom i ngach áit agus titfidh a lán uisce i mbeagán ama, rud a chiallaíonn nach mbeidh an t-uisce ábalta imeacht gasta go leor.

Sna háiteanna is measa, tá seans ann go mbeidh moill ar chúrsaí taistil, go háirithe ag na poirt agus na haerfoirt. Má bhíonn an ghaoth ró-láidir, beidh baol ann go dtitfidh línte leictreachais agus go ngearrfar an chumhacht. Moltar do dhaoine a bheidh ag tiomáint bheith iontach cúramach nó beidh sé deacair mórán a fheiceáil ar na bóithre agus is dócha go mbeidh crainn leagtha ar na bóithre féin.

Ach tá nóta beag suaimhnis sna rabhaidh atá á gcur amach. Cé go mbeidh na coinníollacha olc go leor agus go ndéanfar damáiste éigin, ní bheidh an stoirm chomh holc agus a shíl daoine ag an tús. Mar sin, bí cúramach Dé Céadaoin agus Déardaoin ach ná bí ró-bhuartha!


Le déanamh:

Léigh tuilleadh faoi ainmneacha na stoirmeacha anseo:


Déan liosta de rudaí is gá a dhéanamh má bhíonn gaoth mhór ann. Smaoinigh faoin damáiste is féidir leis an ghaoth a dhéanamh. Luaigh trí rud.


Thig leis an ghaoth a bheith láidir agus contúirteach, ach thig léi bheith úsáideach chomh maith. An dtig leat smaoineamh ar úsáidí maithe don ghaoth?



baruil