Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

An 21ú Meán Fómhair, 2023


Seo Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar. In amanna, bíonn sé deacair ag daoine atá bodhar an chaint ó bhéal a dhéanann daoine eile a thuiscint i gceart, mar gheall ar na deacrachtaí éisteachta atá acu. Ní hionann sin agus a rá, áfach, nach dtig le daoine bodhra caint ná cumarsáid a dhéanamh.

Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar – tá deacrachtaí éisteachta de chineál éigin ag chóir a bheith 10% de phobal na hÉireann


Ní hamháin go bhfuil teanga dá gcuid féin ag an phobal bhodhar – is teanga oifigiúil de chuid na hÉireann í, ar comhchéim leis an Ghaeilge, agus leis an Bhéarla.

Is teanga cheart agus is teanga oifigiúil í an Teanga Chomharthaíochta agus úsáideann na mílte duine í


‘Teanga Chomharthaíochta na hÉireann’ an t-ainm atá ar an teanga seo agus is í an chéad teanga atá ag chóir a bheith 7 míle duine in Éirinn – breis agus 5,000 sa deisceart agus níos mó ná 1,500 sa tuaisceart. Úsáideann níos mó ná 40,000 duine eile Teanga Chomharthaíochta na hÉireann gach lá agus iad ag comhrá agus ag obair leis an phobal bhodhar.

Thig leat Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a úsáid le rudaí a iarraidh, le rudaí a mhíniú, le scéal a insint nó le do chuid mothúchán a chur in iúl – go díreach mar a dhéanfá le teanga ar bith eile


Is teangacha nádúrtha iad na teangacha comharthaíochta a úsáideann an pobal bodhar ar fud an domhain. Tá siad i ndiaidh fás agus forbairt thar na céadta bliain. Ligeann siad do dhaoine bodhra cumarsáid a dhéanamh go díreach mar a ligeann ‘teangacha ó bhéal’ do na daoine a labhraíonn na teangacha sin. Tá gramadach dá gcuid féin acu – sin rialacha faoin dóigh a n-úsáideann tú na focail. Ní hamháin go n-úsáideann tú na lámha leis na comharthaí a dhéanamh, úsáideann tú d’aghaidh agus do chorp fosta.

Thig leat focail a litriú le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

Pic le FíAren8906754/Wikimedia Commons CC BY-SA 3.0

 

Níl Teanga Chomharthaíochta na hÉireann bunaithe ar an Bhéarla, ná ar an Ghaeilge agus tá sí difriúil le gach teanga chomharthaíochta eile. Tá Teanga Chomharthaíochta na hÉireann uathúil sa mhéid is go bhfuil comharthaí difriúla ag buachaillí agus cailíní. Tá seo ann mar go ndeachaigh buachaillí agus cailíní chuig scoileanna difriúla, go traidisiúnta, in Éirinn. I dtuaisceart na tíre, úsáideann thart ar 3,500 duine Teanga Chomharthaíochta na Breataine. Tá Teanga Chomharthaíochta na hÉireann níos cosúla le Teanga Chomharthaíochta na Fraince.

Tá sé de cheart ag gach páiste a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh ina teanga féin, go fiú más Teanga Chomharthaíochta í an teanga sin


In Éirinn, déanann Cumann na mBodhar iarracht aird daoine a tharraingt ar an teanga chomharthaíochta an tseachtain seo. An téama atá acu i mbliana ná ‘Saol inar féidir le Daoine Bodhra Comharthaíocht a dhéanamh áit ar bith’. Feiceann an pobal bodhar iad féin mar ghrúpa teanga agus cultúir faoi leith, ní mar dhaoine atá faoi mhíchumas. Ba mhaith leo go bhfoghlaimeoidh daoine eile a dteanga, go díreach mar a bhíonn lucht na Gaeilge ag iarraidh daoine a spreagadh leis an Ghaeilge a fhoghlaim.


Chuala sibh faoin ríomhaistriúchán – nuair a úsáideann tú an ríomhaire le teanga amháin a aistriú go teanga eile? Bhuel, anois, tá bogearraí ríomhaire ann a aistríonn Teangacha Comharthaíochta go teangacha ó bhéal. Gach seans, i gceann cúpla bliain go gcuideoidh teicneolaíocht mar seo le cuid mhór daoine Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a úsáid.


Le déanamh

Is teanga mhionlaigh í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann – déan cuardach ar an NuachtAnois – mínigh cad is ‘teanga mhionlaigh’ ann.

An bhfuil comharthaí ar bith de Theanga Chomharthaíocht na hÉireann (nó Teanga Chomharthaíochta ar bith) ar eolas agatsa? Teagasc do do chairde iad!

Mar rang, thiocfadh libh taighde de bhur gcuid féin a dhéanamh agus cúpla comhartha a fhoghlaim. Tá fíorbheagán ábhar ar fáil i nGaeilge leis an Teanga Chomharthaíochta a theagasc. Thiocfadh libh físeán beag teagaisc a chruthú agus é a sheoladh isteach chugainn!

Amharcaigí ar an fhíseán seo le cúpla focal bunúsach i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann a fhoghlaim. (Más mian leat níos mó a fhoghlaim, cuardaigh Irish Sign Language ar líne.)


Físeán le caoinchead an Dr. Elizabeth Mathews, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; ba é Kevin Mulqueen an múinteoir comharthaíochta. Is féidir amharc ar níos mó físeán mar seo anseo (Béarla agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann)

baruil