An bhfuil d’uaireadóir cliste do do dhéanamh tinn?

An 14ú Meán Fómhair, 2023


Tá eolaithe in Florida Mheiriceá i ndiaidh a fháil amach go gcónaíonn baictéir chontúirteacha ar strapaí uaireadóra. Nuair a rinne siad scrúdú ar na strapaí uaireadóra, tháinig siad ar a lán cineálacha difriúla baictéar – baictéir atá ábalta daoine a dhéanamh tinn.

D’aimsigh na heolaithe a lán cineálacha baictéar ar na strapaí


Fuair na heolaithe amach gur ar strapaí plaisteacha agus rubair a chónaíonn an líon is mó baictéar – d’aimsigh siad baictéir ar 95% de na strapaí rubair a scrúdaigh siad. Fuair na heolaithe amach go gcónaíonn líon measartha beag baictéar ar strapaí miotail agus beagnach baictéir ar bith ar strapaí óir nó airgid.

D’aimsigh na heolaithe baictéir ar chóir a bheith gach strapa rubair a scrúdaigh siad!


Bíonn poill bheaga bhídeacha ar na strapaí rubair agus coinníonn siad níos mó taise nó fliuchrais – is breá le baictéir áiteanna atá te tais. Bíonn na strapaí miotail níos tirime, de ghnáth, agus bíonn siad i bhfad níos fusa a ghlanadh. Ní fhaca na heolaithe mórán de dhifear idir uaireadóirí fear agus uaireadóirí ban ach chonaic siad go gcónaíonn i bhfad níos mó baictéar ar strapaí na ndaoine a dhéanann spórt go minic.

Cuireann tú allas nuair a dhéanann tú spórt agus fágann an t-allas strapa an uaireadóra fliuch – is breá leis na baictéir sin!


An rud atá ann – níonn daoine iad féin agus a gcuid éadaí i ndiaidh dóibh spórt a dhéanamh, ach cé chomh minic is a níonn siad a n-uaireadóir? Mhol na heolaithe dúinn ár gcuid strapaí a ghlanadh go rialta nó is féidir go mbeadh cuid de na baictéir seo contúirteach, i gcásanna áirithe.

D’aimsigh siad stafalacocas – baictéar a chuireann ionfhabhtú craicinn ar dhaoine agus, in amanna, a thugann fadhbanna análaithe duit.

D’aimsigh siad E. coli – seo baictéir a chónaíonn i do bholg. Go leor de na baictéir e.coli, ní dhéanann siad aon dochar duit ach is féidir go gcuirfeadh cuid acu tinneas boilg ort.

D’aimsigh siad súdamónas – is féidir go gcuirfeadh na baictéir seo ionfhabhtú craicinn nó ionfhabhtú fola ort – go háirithe má tá tú tinn cheana féin nó má éiríonn tú tinn go minic.

E.coli – mura níonn tú na lámha i gceart i ndiaidh duit dul chuig an leithreas, thig leat e.coli a scaipeadh!


Ach, ná lig don mhéid seo thuas tú a scanrú, nó níl ansin ach na rudaí a tharlaíonn sna cásanna is measa. De ghnáth, bíonn an corp ábalta na baictéir seo a throid go measartha furasta. Más mian leat a bheith cinnte, áfach, nach ndéanfaidh d’uaireadóir tinn thú, tá cleas beag ag an NuachtAnois duit – glan do strapa go minic*!

Glan do strapa, bíodh cuma shalach air nó ná bíodh!


Le déanamh

An féidir libh smaoineamh ar rudaí eile a úsáidimid go minic ach arbh fhéidir nach nglanaimid minic go leor iad?

Mar rang, an féidir libh teacht aníos le liosta leideanna le muid féin agus ár gcuid stuif a choinneáil deas glan?


*Ag brath ar an chineál uaireadóra atá agat, bí cúramach gan uisce a dhoirteadh ar an uaireadóir féin nuair a bhíonn tú á ghlanadh.

Ar ndóigh, más mian leat a bheith iomlán slán – sábháil do chuid airgid agus ceannaigh uaireadóir óir! 


baruil