Roald Dahl in Éirinn

An 13ú Meán Fómhair, 2023


Inniu Lá Roald Dahl. Bíonn an lá seo ann ar an 13ú Meán Fómhair gach bliain, nó sin an dáta ar ar rugadh Roald Dahl, thiar sa bhliain 1916.

Roald Dahl

Pic le Hardwick4/Wikimedia Commons


Thosaigh Roald Dahl a scríobh do pháistí sna 1960í. Tá a chuid leabhar ar fáil anois in 56 teanga agus dhíol sé níos mó ná 200 milliún leabhar ar fud an domhain! Tá sé ar dhuine de na húdair is clúití riamh.

Tá clú agus cáil ar leabhair Roald Dahl

Pic le Geoff Caddick/NDLA.no


Ar an drochuair, fuair Roald bás sa bhliain 1990, ach cúpla bliain roimhe sin, tháinig sé go hÉirinn agus thug sé cuairt ar shiopa leabhar Tom Kenny i nGaillimh.

Is gnó teaghlaigh é Siopa Uí Chionaoith, a osclaíodh sna 1940idí (tá Tom le feiceáil ar chlé)

Pic le caoinchead Shiopa Leabhar Kenny's


An bhliain 1987 a bhí ann agus thug Tom cuireadh dó teacht go Gaillimh mar aoi speisialta ag féile shráide do pháistí. Bhí iontas an domhain ar Tom nuair a fuair sé freagra ar ais ó Roald, lena rá go dtiocfadh sé!

Ach, bhí riail amháin ag Roald – ní bheidh díomá ar aon pháiste, an rud a dúirt sé!

An litir a sheol Roald Dahl ar ais chuig Tom

Pic le caoinchead Shiopa Leabhar Kenny's


Ní raibh Roald i mbarr a shláinte ag an am, bhí airtríteas air – galar a fhágann go mbíonn do chnámha agus do chuid alt iontach nimhneach. Ach, go fóill féin, dúirt Roald go dtiocfadh sé agus go síneodh sé cóipeanna dá chuid leabhar i siopa Tom. Ní raibh Tom buartha murar ceannaíodh na leabhair sa siopa s’aige féin, bhí sé breá sásta gur tháinig Roald agus go bhfuair na páistí seans bualadh leis.

Tháinig páistí lena gcuid leabhar Roald Dahl agus shínigh Roald iad


An chéad oíche, chuaigh Roald Dahl, a bhean agus a iníon chuig teach dheartháir Tom faoi choinne dinnéir. Bhailigh scaifte mór páistí taobh amuigh den teach. Chuaigh Roald chuig an doras, labhair sé leo agus thug sé isteach sa teach iad! Shínigh sé gach uile cheann de na leabhair a bhí acu.

Ar feadh dhá lá iomlán, shuigh sé i siopa Tom agus bhuail sé le páiste i ndiaidh páiste, labhair sé leo agus chuir sé ceisteanna orthu. Léirigh sé suim iontu. Chuaigh na scuainí amach ar an doras agus an bealach ar fad síos an tsráid. Tháinig na sluaite ó gach cearn d’Éirinn leis an údar clúiteach a fheiceáil.

Chaith Roald dhá lá ag bualadh le daoine agus ag síniú leabhar

Pic le caoinchead Shiopa Leabhar Kenny's


Ní hamháin go raibh Roald iontach foighneach leis na páistí, lig sé do na daoine fásta grianghraif a ghlacadh agus labhair sé go deas le gach duine. Agus, cé go raibh pianta ina lámha mar gheall ar an airtríteas, shínigh sé leabhar i ndiaidh leabhair.

Tá na páistí go léir fásta anois, ach ní dhearna duine ar bith acu dearmad den lá ar bhuail siad le Roald Dahl i siopa leabhar Tom Kenny.

Ní raibh díomá ar pháiste ar bith!


NuachtAnois iontach buíoch de Shiopa Leabhar Kenny’s as cead a thabhairt dúinn na grianghraif ó chuairt Roald a úsáid agus scéal Tom a athinsint.


Le déanamh

An saineolaí Roald Dahl thú – déan an quiz seo!


baruil