Bhí lá stairiúil ann don Ghaeilge, agus do na Gaeil óga, nuair a seoladh Cúla 4 Dé hAoine seo caite. Is cainéal nua teilifíse do pháistí é Cúla 4. Beidh sé ag craoladh 7 lá na seachtaine ó cheann ceann na bliana óna 6 a chlog ar maidin go dtí a 8 a chlog tráthnóna.
Mar is féidir breathnú ar Chúla 4
Roimhe seo, bhí Cúla 4 ann mar chuid de TG4. Anois, áfach, is cainéal teilifíse neamhspleách é. Ciallaíonn sé seo go bhfuil dhá chainéal Gaeilge anois ag Gaeil na hÉireann.
Bhí slua mór i láthair ag seoladh TG4 Dé hAoine – ar dheis, tá an tAire Rialtais, Catherine Martin, TD, agus ceannasaí TG4, Alan Esslemont
Láithreoirí Cúla 4
Ach, cad é atá chomh speisialta sin faoi chainéal teilifíse nua – tá na céadta acu ann cheana? Bhuel, caithfidh muid a chuimhneamh gur teanga mhionlaigh í an Ghaeilge. Ciallaíonn sé sin gur teanga í a labhraíonn mionlach, nó cuid bheag de phobal na tíre. Ar an drochuair, tá teangacha mionlaigh fud fad an domhain i mbaol agus faoi bhrú. Bíonn an mhórtheanga i gcónaí chun cinn, sa chás s’againne, an Béarla. Bíonn an Béarla le feiceáil gach áit agus le cluinstin gach áit. Is fearr leis an rialtas an mhórtheanga a úsáid agus is fearr leis na meáin chumarsáide an mhórtheanga a úsáid mar is fusa teachtaireachtaí a scaipeadh tríd an teanga a thuigeann an móramh.
Faigheann an Béarla tús áite agus bíonn sé níos feiceálaí go mion minic in Éirinn
Mar sin de, is fíor a rá go bhfuil teangacha mionlaigh, cosúil leis an Ghaeilge, ag snámh in aghaidh an easa. Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine agus is saibhre san Eoraip. Tá stair fhada agus lear mór seanscéalta agus seanamhrán ag baint léi. Ach tá a fhios ag na saineolaithe teanga go bhfuil cuid mhór le déanamh ag lucht labhartha na teanga le go mbeidh sí go fóill beo mar theanga phobail i gceann 100 bliain eile.
Tá go leor daoine ag obair leis an Ghaeilge a dhéanamh níos láidre le gur féidir linn í a chur ar aghaidh chuig na páistí a thiocfaidh inár ndiaidh
Nuair a seoladh TG4 ar Oíche Shamhna, thiar sa bhliain 1996, is céim mhór chun cinn a bhí ann leis an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí sa tír, le go bhfeicfeadh daoine gur teanga bheo í. ‘Súil eile’ an mana a bhí ag TG4, nó thug TG4 rogha eile dúinn agus dóigh eile le bheith ag amharc ar an domhan.
Láithreoirí nuachta Cúla 4 – beidh an nuacht ann ar 1.30pm agus ar 5.30pm gach lá ó Mháirt go hAoine
Anois, is céim ollmhór chun cinn eile é Cúla 4. Beidh sé ag cur ar fáil seónna spleodracha spraíúla do pháistí, agus iad uilig i nGaeilge. Beidh cláir ghrinn ann, beidh cláir lán eachtraí ann agus beidh cláir lán eolais ann, a mbeidh Gaeil óga (agus Gaeil níos sine) ábalta sult agus tairbhe a bhaint astu.
Tháinig ‘Fireman Sam’ (nó Sam Tân) ó chainéal teilifíse do chainteoirí teanga mionlaigh. Is cainéal Breatnaise é S4C – tá siad ann ó bhí 1982 ann. Mar sin, tá sé ar cheann de na cainéil teilifíse teanga mionlaigh is sine ar domhan ach go fiú páistí na Breataine Bige – níl a gcainéal féin acu. Caithfidh siad S4C a roinnt leis na daoine fásta!
Tá go leor teangacha mionlaigh a bhfuil a stáisiún teilifíse féin acu ach rinne an Seomra Nuachta taighde, agus is cosúil nach bhfuil teanga mhionlaigh ar bith eile ann san Eoraip a bhfuil a stáisiún féin aici do pháistí! Mar sin, beidh an chuid eile den Eoraip in éad linn! Tá Cúla 4 beo anois. Is féidir amharc air ar an teilifís, tríd an idirlíon, agus ar Youtube. Mar sin – tiúnálaigí isteach!
Le plé/le déanamh
An maith leatsa bheith ag breathnú ar chláir do dhaoine óga as Gaeilge? Cén fáth?
Déanaigí plé ranga, cad é a d’fhéadfadh leithéidí Cúla 4 a dhéanamh go mbeadh níos mó daoine ag breathnú ar a gcuid clár?
Cén clár teilifíse Gaeilge is fearr leat? Cén fáth? Abair leis an rang faoi.
Deir na saineolaithe go mbíonn a lán rudaí de dhíth le teanga mhionlaigh a choinneáil beo. Ceann amháin de na rudaí sin ná stáisiúin teilifíse agus raidió. Ceann eile ná ábhair a bheith ar fáil ar líne sa teanga (cosúil le NuachtAnois nó TG4 Foghlaim). An féidir leat smaoineamh ar rudaí eile nó dóigheanna eile leis an Ghaeilge a choinneáil láidir?