Corn an Domhain 2023

An 11ú Meán Fómhair, 2023

Bhí bua iontach ag fir Éireann ag an deireadh seachtaine nuair a bhuail siad an Rómáin sa rugbaí. Cuireadh tús le Comórtas Chorn an Domhain sa Fhrainc Dé hAoine agus tá súil againn go rachaidh Éire an bealach uilig go dtí an cluiche craoibhe agus an corn a thabhairt leo.


San iomlán, tá 20 tír san iomaíocht do Chorn Webb Ellis, Corn an Domhain sa rugbaí. Tá 4 ghrúpa ann agus 5 thír i ngach grúpa. Taobh amuigh den Rómáin, tá an Afraic Theas, Albain agus Tonga i nGrúpa na hÉireann. Cé go bhfuil Éire ag uimhir 1 sa rangú idirnáisiúnta, tá an Afraic Theas ag uimhir 2 agus Albain ag uimhir 5. Tugtar ‘Grúpa an Bháis’ ar ghrúpa mar sin nó is cinnte go mbeidh ar a laghad ceann amháin de na tíortha sin ag dul abhaile i ndiaidh chéim an ghrúpa.


An Rómáin


Taobh amuigh de Ghrúpa na hÉireann, tá ainmneacha móra sna grúpaí eile. Tá an Fhrainc agus an Nua-Shéalainn i nGrúpa 1. Tá an Fhrainc ag uimhir 3 sa rangú agus, ar ndóigh, tá siadsan ag imirt sa bhaile i mbliana. Maidir leis an Nua-Shéalainn, bhí siadsan ag uimhir 1 ar feadh i bhfad agus bhí blianta fada ann nuair nár chaill siad oiread agus cluiche.

Corn Webb Ellis


An Afraic Theas


Ar na foirne láidre eile nár mhiste súil a choinneáil orthu, tá an Airgintín, an Astráil agus Fidsí. Cé go bhfuil dóchas ag Sasana, níor éirigh go rómhaith leo le tamall agus beidh orthu feabhsú cuid mhaith le fanacht sa chomórtas.

Bainisteoir na hÉireann, Andy Farrell


Leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an 28ú Deireadh Fómhair nuair a imreofar an cluiche ceannais i Stade de France taobh amuigh de Pháras. Mar sin, más spéis leat an rugbaí, beidh féasta romhat go ceann dhá mhí.


Beidh an chéad chluiche eile ag Éirinn an Satharn beag seo, an 16ú de Mheán Fómhair, in éadan Thonga. Go n-éirí leo!

Rinne Tuairisc.ie cairt ghleoite don bhalla agus thug siad cead dúinn í a chur ar fáil ar an Seomra Nuachta. Faigh an chairt rugbaí anseo 


Le déanamh

Ar léarscáil, cuardaigh na tíortha eile atá i nGrúpa na hÉireann.


An bhfuil a fhios agat stair agus rialacha rugbaí? Bain triail as na ceisteanna seo thíos:


Cá mhéad bomaite a bhíonn i gcluiche rugbaí?

Cá mhéad imreoir a bhíonn ar fhoireann rugbaí?

Cad é a tharlaíonn má bhuaileann imreoir an liathróid chun tosaigh lena lámh?

Cad iad na dóigheanna le pointí a scóráil?

De réir na scéalta, cén áit ar imríodh an chéad chluiche rugbaí?


Pictiúir:

Corn: Pakistan portfolio / Shutterstock.com

Éire i líne: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Léim: Faiz Azizan / Shutterstock.com

Craig Gilroy ag rith: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Andy Farrell: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

An Rómáin: Gabriel Petrescu / Shutterstock.com

An Afraic Theas: IOIO IMAGES / Shutterstock.com


baruil