Seoladh Cúla 4

An 7ú Meán Fómhair, 2023


(Foilsíodh an t-alt seo Déardaoin, an 7ú Meán Fómhair, 2023)

Beidh lá stairiúil ann amárach nó seolfar an dara stáisiún teilifíse náisiúnta Gaeilge. Níos fearr arís, is cainéal daoibhse a bheas ann – Gaeil óga na tíre!


Amárach, Dé hAoine, an 8ú Meán Fómhair, 2023, tosóidh Cúla 4 de bheith ag craoladh cláir Ghaeilge do pháistí ar 6 a chlog ar maidin. Ach, mura mbíonn tú i do shuí in am, ná bí buartha. Cé go mbeidh cláir ann ón 6 ar maidin, ní bheidh an seoladh oifigiúil ann go dtí 4 a chlog tráthnóna amárach. Mar sin de, beidh tú ábalta amharc air i ndiaidh na scoile.

Sceideal an lae amárach – beidh an seoladh oifigiúil ann ar 4pm


Beidh Cúla 4 ar fáil 7 lá na seachtaine, 14 uair an chloig gach lá! Tosóidh na cláir ar 6 a chlog agus tiocfaidh deireadh leo ar 8 a chlog tráthnóna, ó Luan go hAoine. Ar a bharr sin, cuirfidh Cúla 4 cláir nuachta ar fáil do pháistí na hÉireann fosta. 

Na láithreoirí nuachta, Aisling Ní Dhonnabháin agus Seán Ó Maoilchiaráin


Beidh dhá chlár nuachta ann gach lá, ó Mháirt go hAoine. Beidh clár ann ag am lóin (b’fhéidir go mbeadh cead agaibh amharc air ar scoil???) agus beidh ceann eile ann thart ar a 5 a chlog.

Na háiteanna ar féidir leat teacht air


Mar sin de, tiúnálaigí isteach!

Is le Cúla 4 agus TG4 na pictiúir agus an físeán.

baruil