Ar ais ar scoil thart ar an domhan

An 5ú Meán Fómhair, 2023


Bíonn meascán de mhothúcháin ar dhaoine agus iad ag dul ar ais ar scoil i ndiaidh shaoire an tsamhraidh, nó go fiú ag cur tús le scoil nua. Bíonn sceitimíní orainn. Bíonn áthas orainn ár gcairde a fheiceáil arís, nó cairde nua a dhéanamh. Bíonn bród orainn as ár n-éadaí scoile nua. Bíonn imní nó eagla orainn, in amanna, agus muid éiginnte faoin mhúinteoir nua nó faoin rang nua agus an bhliain úr d’fhoghlaim nua atá romhainn.

Bíonn mothúcháin dhifriúla ar dhaoine agus iad ag dul ar ais nó ag tosú ar an scoil


Bíonn na mothúcháin chéanna ar pháistí fud fad an domhain, bíodh geall, ach ní hionann sin agus a rá go mbíonn an chéad lá ar ais ar scoil go díreach mar an gcéanna i ngach tír. Tá muidne go léir cleachta leis an chéad lá ar ais ar scoil in Éirinn – ach conas a bhíonn sé i dtíortha eile?

Páistí scoile san Astráil – tosaíonn an scoilbhliain s’acusan ag deireadh mhí Eanáir nó tús mhí Feabhra

Pic le Stuart Perry/Shutterstock

 

Bhuel, ar an chéad dul síos – ní thosaíonn an scoilbhliain ag an am céanna i ngach áit. Sa leathsféar thuaidh den domhan, bíonn an chéad lá scoile ann, de ghnáth, ag deireadh mhí Lúnasa nó tús mhí Mheán Fómhair. Sa leathsféar theas, tosaíonn an scoilbhliain i mí Feabhra, mí an Mhárta nó mí Aibreáin (nó ní bhíonn an samhradh acusan ag an am céanna den bhliain).

Faigheann páistí sa Ghearmáin Schultüte ar a gcéad lá ar scoil


Sa Ghearmáin, faigheann na páistí féirín speisialta ar a gcéad lá ar ais ar scoil. Faigheann siad ‘Schultüte’. Is cón mór é seo atá líon lán de phinn luaidhe agus rudaí scoile eile, cúpla bréagán beag, b’fhéidir…agus cuid mhór milseán!


Páistí agus a dtuismitheoirí sa Rúis ar ‘Lá an Eolais’

Pic le Smile 19/Shutterstock

 

Sa Rúis agus i gcuid de na tíortha eile in aice léi, tugtar ‘Lá an Eolais’ ar an chéad lá sa scoilbhliain. Bíonn ceiliúradh mór ann agus is minic a chaitheann na páistí bláthanna agus a thugann daoine bláthanna don mhúinteoir.

Is féile é Guru Purnima san India nuair a léiríonn daoine meas ar mhúinteoirí (múinteoirí spioradálta agus múinteoirí scoile)

Pic le Neo Matrix/Shutterstock

 

San India agus i Neipeal, déanann daoine ceiliúradh ar an mhúinteoir ag tús na scoilbhliana. Tosaíonn an scoilbhliain nua i mí an Mheithimh sna tíortha seo. Is sórt comhtharlú é, ach bíonn féile mhór darb ainm Guru Purnima ag na daoine thart faoin am seo fosta. Léiríonn daoine meas ar mhúinteoirí le linn na féile seo. Tugann páistí bronntanas dá múinteoir agus gabhann siad buíochas leis nó léi.

Conas a théann tusa ar scoil? Téann na páistí seo san India ar bhád!

Pic le Sids/Shutterstock

 

Sa Chéinia agus i dtíortha eile san Afraic, ciallaíonn scoilbhliain nua siúlóidí fada ar scoil arís do chuid mhór páistí. Tá meas mór ag cuid mhór daoine sa Chéinia ar an oideachas agus siúlann siad na mílte, in amanna, le dul ar scoil. Tá a fhios acu go gcuideoidh an t-oideachas leo dul chun cinn a dhéanamh agus a dtír féin a atógáil agus a chur chun tosaigh, i ndiaidh an dochar go léir a rinne tíortha na hEorpa dóibh ar feadh na mblianta.

Cónaíonn na páistí seo faoin tuath sa Nigéir – bíonn siúlóid fhada acu ar scoil gach lá

Pic le Oni Abimbola/Shutterstock

Tá na páistí seo sa tSeapáin ag fanacht leis an traein le dul ar scoil

Pic le Stephanne Bidouze/Shutterstock

Sa tSeapáin, tagann múinteoirí agus páistí le chéile agus glanann siad an scoil agus an seomra ranga sula gcuireann siad tús le foghlaim ar bith! Léiríonn an nós seo do na páistí cé chomh tábhachtach is atá sé meas a bheith agat ar do thimpeallacht agus aire a thabhairt di. Leanann siad den ghlantachán ar feadh na scoilbhliana.

Bíonn glantóirí ag scoileanna sa tSeapáin ach cuidíonn na páistí leis an ghlantachán freisin!

Pic le Mullenkedheim as Cathair Tonami, Toyama, an tSeapáin/Flickr [CC BY-SA 2.0], trí Wikimedia Commons

 

Agus muid ag cur tús le scoilbhliain nua – ba cheart dúinne fosta bheith buíoch as ár múinteoirí agus as ár scoil agus meas a léiriú ar ár dtimpeallacht scoile. Thig linn bheith buíoch fosta go bhfuil rud speisialta againne, nach mbíonn ar fáil ag gach páiste in Éirinn – faighimid oideachas tríd an Ghaeilge, teanga náisiúnta na hÉireann!

Ní hamháin go bhfaighimidne oideachas maith – faighimid oideachas tríd an Ghaeilge!

Pic le caoinchead Ghaelscoil Aodha Rua, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain

 

Le plé/le déanamh

An dtig leat na tíortha atá luaite san alt seo a aimsiú ar léarscáil? Labhair ar na difríochtaí idir na tíortha sin agus an tír s’againn féin. Ar mhaith leatsa dul a chónaí i gceann ar bith acu?


San alt seo, téann roinnt páistí ar scoil ar an bhád, téann cuid acu ar thraein agus siúlann cuid eile acu? Conas a théann tusa ar scoil? Déanaigí plé ranga. Cad é an modh taistil is fearr chun dul ar scoil, dar leat? Mínigh do fhreagra.


An bhfuil eolas agatsa ar scoileanna in áit ar bith eile ar domhan? Abair leis an rang faoi.


baruil