Sábhailteacht Bia

An 7ú Meitheamh, 2023.



Seans maith nár chuala sibh iomrá ar shábháilteacht bia roimhe seo. Ach, tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn ar fad go ndéantar an bia s’againn in áit ghlan, go mbíonn an bia féin glan agus go stóráiltear mar is ceart é. Mura mbímid cúramach faoi sin, thig linn galair a fháil ón bhia, mar shampla, nimhiú bia. 

    (Faigheann duine nimhiú bia trí bhia nach bhfuil sábháilte a ithe. Téann frídíní isteach ina bholg agus éiríonn sé tinn.) 


Sa samhradh, in amanna, déanann daoine in Éirinn dearmad nár chóir dúinn bia a fhágáil taobh amuigh rófhada, nó imeoidh sé ó mhaith. Mar shampla, imíonn táirgí déiríochta, feoil agus uibheacha ó mhaith go gasta le teas an tsamhraidh. Caithfidh muid a bheith cúramach nuair a bhíonn picnic nó fleá fhulachta againn nach bhfágann muid an bia amuigh faoin ghrian, nó tosóidh na frídíní ag fás ann go gasta leis an teas. Is óna frídíní a thagann na galair. 

Imíonn bia úr ó mhaith go gasta sa teas ag an am seo bliana.)


Caithfimid a bheith cúramach faoi na feithidí chomh maith agus muid ag ithe taobh amuigh. Is maith leo ár mbia fosta agus fágfaidh siad frídíní ann!

Úsáideann cuid mhór daoine an focal “beárbaiciú” sa lá inniu, focal a fuair na Spáinnigh ó Mheiriceá Theas sa 17ú haois, ach an raibh a fhios agat go raibh beárbaiciúnna dá gcuid féin ag na sean-Ghaeil? Thug siad “fulacht” air seo. 


Fleá fhulachta ??? is ionann “fulacht” agus bia a dhéanamh réidh taobh amuigh, os cionn tine, mar shampla. Agus, is ionann “fleá” agus sórt cóisire - fleá cheoil, mar shampla. 


Buíochas le Dia, ní minic a tharlaíonn tinneas cosúil le nimhiú bia sa tír seo. Tuigeann chóir a bheith gach duine go gcaithfidh muid ár lámha a ní sula mbímid ag déanamh bia réidh. Íslíonn sin an seans go rachadh frídíní ónár lámha go dtí an bia agus isteach inár gcorp nuair a bhímid ag ithe. 


            (Caithfimid ár lámha a ní roimh bhia a dhéanamh réidh nó a ithe chun fáil réidh leis na frídíní.)


B’fhéidir go bhfaca sibh cócaire i mbialann, nó freastalaí i siopa, ag déanamh bia réidh agus lámhainní plaisteacha ar a lámha. Stopann seo frídíní ar bith óna lámha de bheith ag dul isteach sa bhia a bhíonn sé / sí a dhéanamh réidh dúinn le ceannach. 

                                           (freastalaí ag déanamh bia réidh i mbialann.)


Sa tír seo, bíonn ar bhialanna, agus ar shiopaí a dhíolann bia, rialacha a leanstan agus iad ag obair le bia. Bíonn na húdaráis ag déanamh seic orthu agus ag tabhairt scór dóibh lena léiriú cé chomh glan agus a bhíonn an áit agus cé chomh sábháilte agus a bhíonn an bia ansin.


        (Is maith an rud é go mbíonn "cigirí bia" againn sa tír seo leis an chaighdeán de shábháilteacht bia a choinneáil go hard.)

 

Bíonn an scór seo amach as 5. Is maith an rud 5 a fháil, ach dá bhfaigheadh siad scór níos ísle ná 3, is dócha go mbeadh ar an áit druidim ar feadh tamaill chun glanadh mór a dhéanamh agus an fhoireann a thraenáil.

         (An bhfaca tú comhartha mar seo ar áit a dhéanann bia réidh le díol? pic le Gary L Hider/Shutterstock.com)


Ar an drochuair, ní bhíonn na rialacha céanna maidir le sábháilteacht bia i bhfeidhm in achan tír. Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (W.H.O. nó World Health Organisation) go n-éiríonn thart faoi mhilliún go leith duine tinn GACH LÁ mar gheall ar bhia nach bhfuil sábháilte! Bíonn na galair a thagann ó na frídíní sa bhia an-olc ar pháistí óga, ach go háirithe. Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfaigheann thart faoi 340 páiste óg bás GACH LÁ mar gheall ar bhia nach bhfuil sábháilte! (Sin páistí atá níos óige ná 5 bliana d’aois.) 

Seo cócaire ag obair i dtír bhocht. Níl an ‘chistin’ s’aici chomh glan néata agus a bheadh i mbialann sa tír seo.


Mar sin de, tabhair aird ar an tsábháilteacht bia mar sábhálann sé ó thinneas muid! 


Le plé nó le déanamh

Déan giota taighde ar na dóigheanna is fearr le bia a dhéanamh go sábháilte. Tarraing póstaer chun na rialacha is tábhachtaí a chur in iúl. 


Cum ról-imirt, nó dráma beag, le do chairde chun teachtaireacht na sábháilteachta bia a chur in iúl do dhaoine eile. (B’fhéidir faoi bhia a bheith fágtha amuigh rófhada ag picnic, mar shampla.) Léirigh an dráma do do rang, nó do rang eile atá níos óige. 


Cum 5 cheist faoi shábháilteacht bia agus cuir ar do chairde iad. An bhfuil na freagraí uilig ar eolas acu?


baruil