Lá na hAfraice, 2023


(Bhí Lá na hAfraice, 2023 ann ar an 25ú Bealtaine, 2023)



Riccardo Mayer/Shutterstock


Inniu ‘Lá na hAfraice’. Is lá é nuair a dhéantar ceiliúradh ar mhuintir na hAfraice ach is lá é fosta nuair a smaoinímid ar an saol crua a bhí, agus atá go fóill, ag go leor acu.

Páistí san Afraic ag dul le huisce a fháil – tá saol crua ag go leor daoine ansin go fóill

Pic le Dennis Diatel/Shutterstock


Bíonn Lá na hAfraice ann ar an 25ú Bealtaine mar gurb é seo an dáta ar ar cuireadh ‘Eagraíocht Aontas na hAfraice’ ar bun, sa bhliain 1963. Seo grúpa de thíortha Afracacha a bhí i ndiaidh saoirse a bhaint amach ó na tíortha Eorpacha a bhí i gceannas orthu. Bhí siad ag iarraidh na pobail eile san Afraic nach raibh saor go fóill a spreagadh lena saoirse a fháil agus gach duine a spreagadh lena dtír a atógáil agus saol nua cothrom a fháil do gach duine san Afraic.

Dealbh na Saoirse – an tSaimbia. Bhí ar a lán tíortha san Afraic troid lena saoirse a bhaint amach.

Pic le Boris Mayer/Shutterstock


Is mór-roinn í an Afraic – sin píosa ollmhór talaimh a bhfuil cuid mhór tíortha ann. Tá níos mó ná 3,000 pobal difriúil san Afraic. Labhraíonn siad níos mó ná 2100 teanga dhifriúil. Tá cultúr saibhir agus stair shuimiúil ag gach aon ghrúpa acu. 

Tá Mór-roinn na hAfraice déanta de chuid mhór tíortha (sin Bratach Aontas na hAfraice sa chúlra)

Pic le patrice6000/Shutterstock

Daoine de phobal Mhásáí, i ndeisceart na hAfraice

Pic le ANDRES MENA PHOTOS/Shutterstock

 

Ach, ní hamháin go bhfuil saibhreas iontach cultúir san Afraic, tá saibhreas millteanach airgeadais sa mhór-roinn fosta. Tá ór agus ola agus diamaint agus mianraí agus acmhainní nádúrtha eile go leor acu – ach ní fheiceann mórán de mhuintir na hAfraice an saibhreas seo.

Oibrithe i mianach óir san Afraic – déanann siadsan an obair chrua chontúirteach ar níos lú ná $1 sa lá (80p) agus faigheann an comhlacht ón Bhreatain an t-airgead uilig!

Pic le mehmet ali poyraz/Shutterstock


Nuair a smaoinímid ar an Afraic, smaoinímid ar an bhochtaineacht agus ar an ocras agus ar chogaí. Tá muintir na hAfraice ar na daoine is boichte ar domhan, i gcomparáid leis na mór-ranna eile.

Thosaigh na fadhbanna uilig san Afraic nuair a tháinig saighdiúirí ón Eoraip


Tá baint dhíreach ag na fadhbanna seo leis na tíortha saibhre in iarthar an Domhain. Chuaigh tíortha na hEorpa chun na hAfraice ar dtús le sclábhaithe a fháil. Idir 1526 agus 1867, d’fhuadaigh an Phortaingéil, Sasana, an Ísiltír agus tíortha Eorpacha eile níos mó ná 12 mhilliún fear, bean agus páiste ón Afraic agus sheol siad trasna an Atlantaigh mar sclábhaithe iad.

Pictiúr de bhád a d’iompar daoine ón Afraic le bheith ina sclábhaithe i Meiriceá

Pic le Morphart Creation/Shutterstock 


Chonaic na tíortha Eorpacha nárbh iad na daoine amháin an t-aon rud a thiocfadh leo a ghoid san Afraic. Chonaic siad go raibh saibhreas millteanach san Afraic a thiocfadh leo a sciobadh leo, saor in aisce. Ghlac tíortha na hEorpa codanna difriúla den Afraic dóibh féin.

Na codanna difriúla den Afraic a bhí faoi smacht na dtíortha Eorpacha

Pic le DrRandomFactor/Wikimedia Commons

 

Chuir siad na daoine faoi chois le dlíthe brúidiúla cruálacha agus thug siad go leor den saibhreas abhaile leo. Tháinig chuid mhór den saibhreas atá ag tíortha amhail Sasana agus an Fhrainc agus an Bheilg sa lá atá inniu ann ó na tíortha Afracacha a bhí faoina smacht. Tugaimid ‘coilíneachas’ air seo, nuair a ghlacann tír amháin smacht ar thír eile le saibhreas a fháil di féin.

Beirt bhan ón Eoraip ‘amuigh ar shiúlóid’ i gcoilíneacht san Afraic

Leabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac


Tá an chuid is mó den Afraic ‘saor’ sa lá atá inniu ann – tá a rialtas féin acu, ach deir a lán saineolaithe nach bhfuil ‘eacnamaíocht’ na hAfraice saor. Tugann roinnt daoine ‘nua-choilíneachas’ air seo.

Mianach saifíre. Is seoid iontach costasach í saifír ach ní fhaigheann na fir seo mórán airgid as a gcuid oibre

Pic le Dennis van de Water/Shutterstock

 

Mar shampla, nuair a d’imigh na Sasanaigh as an Afraic, d’fhág siad go leor comhlachtaí dá gcuid ina ndiaidh. Tá comhlachtaí mianadóireachta ón Bhreatain go fóill ag obair i 37 dtír san Afraic sa lá atá inniu ann. Tugann siad níos mó ná luach $1 trilliún de mhianraí leo as an tír. Ní fheiceann muintir na hAfraice aon chuid den saibhreas seo. Déanann comhlachtaí eile ó Mheiriceá agus ón Eoraip an rud céanna in áiteanna eile san Afraic. Nuair a d’imigh na hEorpaigh, chinntigh siad gur choinnigh siad greim éigin ar chúrsaí eacnamaíochta san Afraic.


Tugann tíortha san Eoraip agus Meiriceá airgead don Afraic le cuidiú leis an eacnamaíocht, ach glacann comhlachtaí ó Mheiriceá agus ón Eoraip I bhFAD níos mó amach ná mar a chuireann siad isteach!


Mar sin, tá teachtaireacht Lá na hAfraice tábhachtach do gach duine ar domhan. Tá go leor saibhreas ar domhan do gach duine. Níor cheart, in am ar bith, duine amháin a choinneáil thíos, le go dtig le duine eile bheith saibhir.

Tá go leor daoine san Afraic ag obair le go mbeidh todhchaí níos fearr agus níos cothroime ag na páistí seo!

Pic le Riccardo Mayer/Shutterstock


Le déanamh

Obair léarscáile*: Amharc ar léarscáil na hAfraice ar líne.

Cad í an tír is mó sa mhór-roinn? 

Cad í an tir is lú?

Cá mhéad tír ar fad atá san Afraic?

Tá an gaineamhlach is mó ar domhan san Afraic - cad is ainm dó?

Cá mhéad tír ina bhfuil cuid den ghaineamhlach sin agus cad iad?


* Faigh amach an Ghaeilge atá ar gach tír – téarma.ie


baruil