Is breá linn bheith ag foghlaim taobh amuigh!

 

(Alt ón 22ú Bealtaine, 2023.

An tseachtain seo caite, tharla “Lá an tSeomra Ranga Taobh Amuigh” agus tá a fhios againn go mbaineann go leor agaibh sult as bheith ag foghlaim taobh amuigh. 



Labhair na daltaí Rang 7 linn, ó Bhunscoil Bheanna Boirche i gCaisleán Uidhilín, chun níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin tábhacht a bhaineann leis an fhoghlaim taobh amuigh sa scoil s’acu. Mhínigh siad gur fearr leo bheith ag foghlaim taobh amuigh ar a lán cúiseanna.


Bíonn na ceachtanna taobh amuigh níos pléisiúrtha - bíonn deis acu bheith ag foghlaim agus ag súgradh ag an am céanna.


Mothaíonn na daltaí go mbíonn níos mó brú orthu sna ceachtanna a dhéanann siad sa seomra ranga, ach ní bhíonn rudaí chomh foirmeálta sin taobh amuigh.


Faigheann siad níos mó ocsaigine taobh amuigh, rud atá maith don inchinn. (Thig na seomraí ranga a bheith ró-the agus brothallach, ag an am seo den bhliain go háirithe.)


Shíl daltaí eile go mbíonn níos mó spáis ann taobh amuigh. Tugann seo deis duit bheith i ‘do dhomhan féin’ ar feadh tamaill. Dúirt na daltaí go gcuidíonn sé seo lena meabhairshláinte agus go gcuireann sé ar a suaimhneas iad. Is maith leo bheith ag éisteacht le fuaimeanna an nádúir fosta, in amanna. 

Buntáiste MÓR atá ag an fhoghlaim taobh amuigh, de réir na ndaltaí Rang 7 i mBunscoil Bheanna Boirche, ná go dtig leo a ‘nguthanna taobh amuigh’ a úsáid! (Is maith leo bheith callánach!)

Is léir go bhfuil a lán buntáistí ag baint leis an fhoghlaim taobh amuigh. Ach, chuir na daltaí in iúl dúinn go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn pleanáil déanta don spás taobh amuigh agus go mbíonn daoine réidh le bheith taobh amuigh. Mar shampla, caithfidh tú a dhéanamh cinnte de nach mbíonn neantóga san fhéar, nó clocha géara sa chlós. Caithfidh tú na héadaí cearta a chaitheamh don aimsir. (Luaigh na cailíní nach mbíonn na sciortaí rómhaith taobh amuigh, is fearr i bhfad bríste nó bríste gairid.) 


Is maith le daltaí Chaisleán Uidhilín Ealaín, Mata, an Léitheoireacht agus, ar ndóigh, Corpoideachas a dhéanamh taobh amuigh. Le fírinne, ní raibh ach míbhuntáiste amháin le sonrú acu faoin fhoghlaim taobh amuigh - is é sin, go bhfuil siad go fóill ar scoil ag gabháil don obair scoile!!

(Ach, i ndiaidh dúinn amharc ar na grianghraif a sheol daltaí Bhunscoil Bheanna Boirche chugainn, ba mhaith linne in oifigí LéighAnois dul amach ag obair faoin spéir anois fosta!) 


(Gabhann NuachtAnois buíochas le Bunscoil Bheanna Boirche as cead a thabhairt dúinn a gcuid grianghraf a úsáid san alt seo.)

Le plé nó le déanamh

Cad iad na buntáistí leis an fhoghlaim taobh amuigh, dar leat?


An bhfuil míbhuntáistí ar bith ag baint leis an fhoghlaim taobh amuigh? 


An éiríonn do sheomra ranga ró-the ar laethanta teo? Cad é a dhéanann sibh?


Luaigh na cailíní nach mbíonn na sciortaí ró-phraiticiúil don fhoghlaim taobh amuigh. An bhfuil sé in am éide scoile a athrú agus dearmad a dhéanamh de sciortaí do chailíní? Nó, an bhfuil áiteanna agus amanna ann nuair a bhíonn siad fóirsteanach?


baruil