Lá an tSeomra Ranga Taobh Amuigh

 

An 18ú Bealtaine, 2023.

Inniu, ar fud an domhain, tá múinteoirí agus daltaí ag glacadh páirt i Lá an tSeomra Ranga Taobh Amuigh. Ar an lá seo, moltar do mhúinteoirí ceachtanna a dhéanamh taobh amuigh d’fhoirgneamh na scoile. Tugann seo deis do dhaltaí aer úr a fháil agus a bheith ag foghlaim faoin nádúr. Moltar a bheith ag súgradh taobh amuigh i rith an lae seo chomh maith. In amanna, cuirtear ainm eile ar an lá seo - Lá na Seomraí Ranga Folmha

(pic le Evgeny Atamanenko/Shutterstock.com)


Cuireadh tús leis an lá seo i Londain in 2012. Le fírinne, bíonn dhá lá ann gach bliain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Seomra Ranga Taobh Amuigh. Tarlaíonn sin sa dóigh is go mbeidh scoileanna ar fud an domhain ábalta páirt a ghlacadh san fheachtas seo. I mbliana, beidh an t-imeacht seo ag tarlú inniu, agus arís ar an dara lá de mhí na Samhna. Mura mbeadh ach dáta amháin i gceist, is mó an seans go gcaillfeadh scoileanna amach air, mar gheall ar laethanta saoire difriúla, nó imeachtaí eile ag tarlú le linn an téarma s’acu. 

(pic le Iryna Inshyna/Shutterstock.com)


Ach, cad chuige ar cuireadh tús leis an lá seo? Bhuel, deir na saineolaithe go bhfuil sé níos fearr dár sláinte am a chaitheamh taobh amuigh, in ionad taobh istigh an t-am ar fad.

(pic le Oksana Shufrych/shutterstock.com)


Deir na saineolaithe fosta, gur fearr an tuiscint a bhíonn againn ar thopaicí cosúil leis an nádúr, má bhímid ag foghlaim fúthu go praiticiúil taobh amuigh, in áit bheith ag amharc ar phictiúir i leabhair nó ar scáileán. Tugann an fhoghlaim taobh amuigh deis dúinn scileanna tábhachtacha a chleachtadh agus a fheabhsú, scileanna cosúil leis an chomhoibriú, an fhiosracht agus an chruthaitheacht. 

(pic le Evgeny Atamanenko/Shutterstock.com)



Cad chuige nach mbainfimis triail as mar sin? Amach linn faoin aer! 

(Cleas na bacóide. Pic le Vladislav Gajic/Shutterstock.com)


(Pic clúdaigh le Mitzo/Shutterstock.com)


Le plé agus le déanamh

An mbíonn ceachtanna taobh amuigh agat i do scoil? Cad é a dhéanann sibh taobh amuigh i rith an lae scoile?


Cad iad na ceachtanna a bhíonn agaibh taobh istigh den seomra ranga, de ghnáth, a bheadh fóirsteanach le déanamh taobh amuigh, dar leat? 


Cad iad na rudaí ar mhaith leat foghlaim fúthu taobh amuigh?


Cad iad na buntáistí agus míbhuntáistí, dar leat, atá le ceachtanna a bheith taobh amuigh ar an scoil s’agat?


An dóigh leat go bhfuil sé níos éasca, nó níos deacra, ceachtanna taobh amuigh a dhéanamh i gcuid tíortha eile i gcomparáid le hÉirinn? Cad chuige sin, i do bharúil?


Bhí múinteoirí buartha nach raibh eolas ar bith ag na daltaí i Londain ar an nádúr. Mar sin, cheap siad an smaoineamh den seomra ranga taobh amuigh. An síleann tú go bhfuil tú féin eolach ar an nádúr? 


baruil