Oíche mhaith

An mbíonn deacracht agat dul a chodladh an t-am seo den bhliain? Bíonn sé geal go dtí go mall agus bíonn sé doiligh coinneáil fionnuar má bhíonn an oíche te. Ach an raibh a fhios agat go bhfuil an codladh iontach tábhachtach duit?


Bíonn an lá iontach gnóthach, nach mbíonn? Éiríonn tú go luath, téann tú ar scoil, bíonn tú ag foghlaim sa seomra ranga agus déanann tú obair bhaile. Ina dhiaidh sin, seans go n-imríonn tú spórt nó go dtugann tú cúram do do pheata nó go dtugann tú cuairt ar dhaoine. Bíonn sos de dhíth ar do chorp AGUS d’intinn!

An raibh a fhios agat go bhfásann tú nuair a bhíonn tú i do chodladh, níos mó ná nuair a bhíonn tú múscailte? Bíonn an codladh ceart de dhíth le fás i gceart. Má fhaigheann tú oíche mhaith codlata, beidh do chorp níos láidre agus is lú an seans go n-éireoidh tú tinn.

Tarlaíonn draíocht i d’intinn nuair a bhíonn tú i do chodladh. Téann d’intinn siar ar an lá roimhe agus sórtálann sí do chuid smaointe amach. In amanna, bíonn sí ábalta teacht ar réiteach ar fhadhbanna a bhí ag dul thart i do chloigeann.

Ná bí ag amharc ar scáileán roimh dhul a luí.

 

Tá sé tábhachtach go mbíonn patrún maith codlata agat. Má théann tú a luí ag an am céanna gach oíche, beidh do chorp ag fanacht le dul a chodladh. Má bhíonn fadhb agat dul a chodladh, seo roinnt rudaí a chuideoidh leat:


  • Coinnigh na soilse íseal nó fiú as.

  • Ná bí ag amharc ar scáileán ar bith UAIR an chloig roimh dhul a luí.

  • Má léann tú leabhar, cuirfidh sé codladh ort.

  • Éirigh ag an am ceart. Ná fan i do luí ró-fhada ar maidin.

  • Cuidíonn bainne te leat titim i do chodladh. Ach ná hól barraíocht roimh dhul a luí.

Le déanamh:

An cuimhin leat am nach bhfuair tú go leor codlata? Cad é mar a mhothaigh tú? An raibh tú sásta nó míshásta? An raibh tú ábalta díriú ar rudaí i gceart. An raibh tú ábalta rudaí deacra a dhéanamh? Scríobh trí rud faoin dóigh ar mhothaigh tú.


An bhfuil nós oíche agat? An ndéanann tú an rud céanna gach oíche roimh dhul a luí? Scríobh síos an rud a dhéanann tú. Ansin, cuir ceist ar an duine in aice leat, cad é an nós oíche atá aige nó aici. An bhfuil siad difriúil?


baruil