An rud a bhíonn sa chú, bíonn sé sa choileán!

Dé hAoine, an 16ú Eanáir 2026


Chuir alt an lae inné – faoi na hainmhithe óga in Minecraft – an seanfhocal seo i gcuimhne dúinn! Is seanfhocal coitianta é seo i roinnt mhaith teangacha. Baineann sé le cosúlachtaí a bheith ann idir páistí agus a dtuismitheoirí. Is cineál de mhadra é , ar ndóigh, agus coileán an t-ainm a thugaimid ar chú óg nó madra óg. 

Cú agus a choileán (is cúnna faoil iad seo)


Mar sin, dar leis an seanfhocal go bhfuil sé nádúrtha go mbeadh na tréithe céanna le tabhairt faoi deara sa tuismitheoir agus sa pháiste. Mar shampla, dá mbeadh an tuismitheoir iontach gealgháireach agus ansin, chonaic tú go mbíonn an páiste iontach gealgháireach, gach seans go ndéarfá leat féin An rud a bhíonn sa chú, bíonn sé sa choileán!

Cad é a dhéanfadh mac an chait, ach luch a mharú?


Dóigh eile leis an rud céanna a rá i nGaeilge (agus baineann sé, arís, le hainmhithe óga) ná, Cad é a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú! Is é an rud a chiallaíonn sé seo, ná go bhfuil sé nádúrtha go ndéanfaidh an puisín mar a dhéanann an cat, maróidh sé luchóga! Dar leis an seanfhocal go bhfuil an scéal céanna amhlaidh le páistí agus a dtuismitheoirí féin!

Baintear úsáid as ainmhithe i dteangacha eile fosta, leis an smaoineamh atá taobh thiar den seanfhocal seo a chur in iúl…

🐾 Sa Fhraincis, deir siad Les chiens ne font pas des chats ní dhéanann madraí cait. I bhfocail eile, is madraí iad óga na madraí, agus déanfaidh siad mar a dhéanann madraí!

Ní bhíonn ‘cait mar pháistí ag na madraí’, dar leis na Francaigh…ach amharcaigí thíos!



🐅 Sa tSínis, deir siad ‘Ní bheidh madra mar mhac ag tíogar’ – is é a chiallaíonn sé seo, ná más tíogar é an tuismitheoir, is tíogar a bheas sa pháiste, agus déanfaidh sé mar a dhéanann tíogair!

🐸 Sa tSeapáinis, deir siad Is frog é páiste an fhroig;

🐟 agus sa Phortaingéilis, deir siad, is iasc beag é páiste an éisc!

🦫 Sa Rúisis, tá seanfhocal acu a deir Is banbh é páiste na muice, ní béabhar!

Is léir nach muca de chuid na Rúise iad seo!


Ní hé gur riail é an seanfhocal seo, áfach, nó is daoine aonair muid uilig agus tá ár bpearsantacht féin againn. Sin ráite, tá sé nádúrtha go dtógfadh muid roinnt nósanna ónár dtuismitheoirí nó ó na daoine sa bhaile a gcaithimid cuid mhór ama leo. 

Ach ag dul ar ais chuig na hainmhithe, bíonn cásanna ann nuair a bhíonn ar ainmhí ó speiceas amháin ainmhí ó speiceas eile a thógáil – i zúnna, den chuid is mó. Tá cuid mhór scéalta ann faoi mhadraí a thugann aire do leoin nó do thíogair óga. Sna cásanna sin, níl a fhios againn cad é mar a d’oibreodh an seanfhocal amach!

An rud atá sa chú seo – an mbeidh sé sa ‘choileán’?


☝️ Thig le babaithe leoin agus tíogair bainne madra a ól. Mar sin, i gcuid mhaith zúnna, nuair nach dtig leis an mháthair leoin nó an mháthair tíogair aire a thabhairt dá hóga féin, úsáideann an zú madra le haire a thabhairt do na hóga! ☝️



Ceisteanna le freagairt

  1. Cad é an rud agus cad é an rud coileán?

  2. Tá focal malartach ar an fhocal luaite san alt.

    1. Cad é atá ann?

    2. Úsáid foclóir – an dtig leat focal eile ar an ainmhí céanna a aimsiú. Tosaíonn sé le g.

  3. Dar le húdar an ailt seo, cad é a chuir an seanfhocal seo i gcuimhne dó? Cén dóigh?

  4. Tá ainm ainmhí óig eile luaite san alt. Cad é atá ann?

  5. Dar leis na Rúisigh, cén sórt ainmhí nach mbíonn mar pháiste ag muc?


Le plé

🐾 An bhfeiceann tú cosúlachtaí idir tú féin agus na daoine fásta i do shaol?

🐾 Cad iad na tréithe is mó atá agatsa, dar leat, ab fhiú iad a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile?



meas