An Cuileann

Dé Céadaoin, an 14ú Eanáir 2026

(le Brídín Ní Dhonnghaile)


Is planda thar a bheith tábhachtach i ndúchas na tíre seo é an cuileann. Tá cuid mhór cúiseanna leis an tábhacht stairiúil sin.


I dtús báire, is planda síorghlas é an cuileann. Mar sin, idir na duilleoga glasa agus na caora glédhearga, tógann sé ár gcroíthe le linn mhíonna dorcha an gheimhridh.


Is siombail thábhachtach i mbéaloideas na hÉireann é den bheatha, den fhadfhulaingt agus den chosaint.


Tá an-cheangal ag an chuileann le ceiliúradh na Nollag agus is minic cuileann crochta thar mhatal na tine nó thar phictiúir, srl. sa teach ag an am sin bliana. Chítear é i séipéil chomh maith. Sula raibh an oiread céanna ráchairte ar shoilsí agus ar chrainn Nollag is atá ann anois, ba mhinic nach mbeadh ach píosaí beaga cuilinn in úsáid i dtithe mar mhaisiúcháin na Nollag.


Tá baint ag an chuileann le pisreoga chomh maith. Chreid feirmeoirí gur thug an cuileann dea-ádh don fheirm agus cosaint do na beithígh le linn an gheimhridh. I gcuid ceantar tuaithe, choinnigh daoine an cuileann i bhfoirgnimh sheachtracha, cosúil le sciobóil, chun na hainmhithe a chosaint ó thinneas nó ó mhí-ádh le linn an gheimhridh.


Go traidisiúnta, níor caitheadh na píosaí cuilinn amach i ndiaidh na Nollag. Ar an ábhar gur shíl daoine go raibh an cuileann cosantach, tugadh meas air. Sa seanam, níor baineadh maisiúcháin na Nollag anuas go dtí an Nollaig BheagNollaig na mBan (an 6ú lá Eanáir). Ach, leis an chuileann, coinníodh go dtí Lá Fhéile Bríde é nó fiú a fhad le Máirt na hInide agus ansin dódh sa tine é.


Fiú i ndiaidh dóibh an cuileann a dhó, chreid daoine go raibh cumhachtaí cosantacha aige go fóill, agus ba mhinic a scaip siad an luaithreach ar pháirceanna nó ar ghairdíní le cuidiú le fás sa bhliain a bhí le teacht.


In amanna eile, níor dhóigh daoine an cuileann, ach chuir siad ar ais sa talamh é le fás taobh le claí nó le crann. Chreid siad go raibh meas tuillte ag an chuileann agus go dtiocfadh an bheatha ann arís.


Ní minic a bheadh cuileann sa teach ag am ar bith eile sa bhliain, ar eagla mí-áidh. Bhain sé leis an gheimhreadh agus an aimsir dhorcha fhuar, ach go háirithe. Na laetha seo, is féidir an cuileann a chaitheamh amach leis an bhruscar nó é a chur sa mhuirín, ach leanann neart daoine na seantraidisiúin seo go fóill.


Ceisteanna

  1. Cad chuige a dtugtar planda “síorghlas” ar an chuileann?
  2. I mbéaloideas na hÉireann, is siombail é an cuileann de thrí rud. Cad iad na trí rud sin?
  3. Cén áit a gcuireadh na feirmeoirí an cuileann leis na beithígh a chosaint ó thinneas?
  4. Cén uair den bhliain a bheadh daoine ag dó an chuilinn?
  5. Cad chuige nach mbeadh cuileann sa teach ag daoine sa samhradh?


Le plé nó le déanamh

  • Cuir ceist ar sheandaoine i do theaghlach an cuimhin leo cuid ar bith de na traidisiúin seo a bhaineann leis an chuileann? An raibh traidisiún ar bith eile i do cheantar a bhain leis an chuileann nó leis an Nollaig?


  • Cad chuige, i do bharúil, gur siombail é an cuileann den bheatha, den fhadfhulaingt agus den chosaint? Mínigh do fhreagra.


  • Téigh ar shiúlóid dúlra agus tabhair faoi deara na plandaí cuilinn i do cheantar. Amharc go cúramach ar na plandaí cuilinn. Tarraing pictiúr de na duilleoga agus lipéadaigh na codanna - gas, dealga, imeall, duilleog, srl.


  • An mbíonn na duilleoga ag bun an chrainn cuilinn difriúil ó na duilleoga ag barr an chrainn? Tarraing an dá dhuilleog agus mínigh na difríochtaí eatarthu. An féidir leat a oibriú amach nó a fháil amach an fáth a mbíonn difríochtaí idir na duilleoga ísle agus na duilleoga arda ar an chrann?


  • Tá go leor focal san alt seo nach mbíonn in úsáid mórán sa lá atá inniu ann, go háirithe ar scoil - mar shampla, béaloideas, beithígh, pisreoga, luaithreach, scioból. Scríobh do chuid abairtí féin leis na focail seo (leat féin, nó i ngrúpaí) lena thaispeáint go dtuigeann tú iad go maith.  


meas