Na Sean-Éigiptigh – cuid 2

Déardaoin, an 19ú Nollaig 2024


Na pirimidí

Tá an dá phirimid seo suite in Giza


Tá clú agus cáil ar an Éigipt mar gheall ar a cuid pirimidí. Cuid mhaith den am, seo an cruth a bhí ar na tuamaí a thóg na sean-Éigiptigh do na daoine ba thábhachtaí sa tír nuair a fuair siad bás. Cé go bhfuil na pirimidí ann leis na mílte bliain, tá a lán mistéire go fóill ag baint leo agus go leor rudaí a bhaineann leo nach bhfuil muid iomlán cinnte faoi dtaobh díobh go fóill. Tógadh na pirimidí le corp agus le taisce na bhfarónna a choinneáil slán sábháilte. Ba mhór an gar é teas tirim an ghaineamhlaigh leis na coirp a choinneáil de bheith ag lobhadh.

D’úsáid na hÉigiptigh sclábhaithe leis na pirimidí a thógáil


Thóg sé na mílte sclábhaí leis na pirimidí is mó a thógáil, ar bhruacha Abhainn na Níle. Síleann na heolaithe gur úsáid siad báid leis na bloic mhóra chloiche a iompar síos an abhainn. Cuireadh Sfioncs taobh amuigh de na pirimidí le hiad a chosaint. Tá corp leoin ar an sfioncs agus cloigeann faró.

An sfioncs mór in Giza


Faigh níos mó eolais ar na pirimidí anseo.

 

Mumaithe

Bhain na mumaithe go mór le creideamh na sean-Éigipteach. Chreid siad go raibh saol eile ann agus go mbeadh do chorp de dhíth ort sa saol eile. Mar sin, bhí sé iontach tábhachtach an corp a chaomhnú. Chreid siad, fosta, go mbeadh turas le déanamh agat chuig an saol eile – mar sin, bhí go leor le hullmhú!

Pictiúr a léiríonn próiseas an mhumaithe


In amanna, thóg sé suas le 70 lá ar na hÉigiptigh corp ‘a mhumú’. Is próiseas iontach casta a bhí ann agus bheadh roinnt daoine de dhíth lena dhéanamh. Bheadh sagart i gceannas ar an phróiseas. Chaith seisean masc seacáil. Ba chomhartha ómóis é seo don dia Anúbas – dia de chuid na nÉigipteach a chosain tuamaí agus a rinne daoine réidh don saol eile. Bhí corp duine aige agus cloigeann an tseacáil air.

Tháinig seandálaithe ar thaisce i roinnt pirimidí ach ghoid daoine eile cuid mhór den taisce sna pirimidí eile sular tháinig na seandálaithe a fhad leo


Rinne na hÉigiptigh shaibhre cinnte de gur ghlac siad a gcuid óir agus airgid leo chuig an saol eile. Lá den saol, i bhfad siar sa stair, ghlac cuid de na chéad fharónna a bhí ann a gcuid sclábhaithe nó searbhónta nó dhó leo isteach sa tuama fosta! An fhadhb ba mhó leis seo – ní raibh na sclábhaithe marbh! Ar an dea-uair, cuireadh deireadh leis an nós seo níos moille sa stair agus in áit fíor-sclábhaithe a thabhairt leo, thug siad samhlacha beaga, déanta as adhmad leo.

Is mumaí é seo d’fhabhcún gorm. Gach seans gur úsáid faró nó duine mór le rá an t-éan seo le seilg a dhéanamh (tugtar seabhac seilge ar an fhabhcún ghorm fosta). Nuair a fuair an duine sin bás, rinne siad mumaí den fhabhcún fosta le go mbeadh an duine in ann seilg a dhéanamh sa saol eile!


Ní raibh an t-ádh céanna ar pheataí na bhfarónna. In amanna, nuair a fuair an faró bás, mharaigh a chuid searbhóntaí a pheata fosta agus rinne siad mumaí de le go dtiocfadh leis dul chuig an saol eile in éineacht leis an fharó.

 

An dóigh le mumú a dhéanamh

Nigh siad an corp agus bhain siad na horgáin uilig amach as. Cuir siad na horgáin isteach i bprócaí difriúla. Níor fhág siad ach an croí istigh sa chorp nó shíl na hÉigiptigh go mbíodh do chuid mothúchán agus smaointe uilig sa chroí.

Seo na cineálacha prócaí ar choinnigh siad na horgáin iontu

Pictiúr le N. Rotteveel/Shutterstock.com


Ansin, chuir siad líonadh sa chorp agus chuir siad cuid mhór salainn air, leis an chorp a thriomú. I ndiaidh 40 nó 50 lá, thóg siad an líonadh amach agus líon siad an corp le línéadach nó le mín sáibh. Ansin, chlúdaigh siad an corp le línéadach agus chuir siad píosa mór éadaigh mar chlúdach thart air. Faoi dheireadh, chuir siad an mumaí isteach i gcónra mhór chloiche darbh ainm sarcafagas. Cuid mhaith den am, mhaisigh siad an taobh amuigh den sarcafagas le pictiúir. Bhí an mumaí réidh anois don turas chuig an saol eile.

Úsáid na cnaipí le próiseas an mhumaithe a fhiosrú

Pictiúir le SimplisticReps/Wikimedia Commons CC BY-SA 4.0


An Saol Eile

Chreid na hÉigiptigh go ndeachaigh tú chuig saol eile nuair a fuair tú bás. Chuirfeá tús le saol nua, sa saol eile seo. Chreid siad, fosta, go mbeadh cuid mhaith de na rudaí a bhí agat sa saol seo, de dhíth ort don saol nua. Mar sin, nuair a fuair duine bás, cuireadh na rudaí seo isteach sa tuama leo – rudaí cosúil le troscán, cluichí agus go fiú bia. Thóg siad a gcuid airgid leo chomh maith!

Ealaín taobh amuigh de thuama Seti, faró a mhair thart ar 1200 bliain riomh Chríost. Feicimid Seti agus Anúbas, dia na marbh agus an tsaoil eile, á thabhairt chuig an saol eile


D’íoc na hÉigiptigh a bhí saibhir cuid mhór airgid le go ndéanfadh duine éigin a gcorp a chaomhnú mar is ceart – le go ndéanfadh mumaí díobh. Cuireadh na daoine bochta sa ghaineamh, gan tuama. Mar sin, is beag seans go mbainfeadh siad an saol eile amach.


Scríbhinní na nÉigipteach 

Chreid na sean-Éigiptigh go raibh sé tábhachtach eolas faoi chúrsaí creidimh agus faoi rialú na tíre a thaifeadadh agus a scaipeadh ar dhaoine eile. Bhí córas scríbhneoireachta acu darbh ainm ‘iairiglifí’.

Iairiglifí agus ealaín a rinneadh ar phaipír


Ba phost tábhachtach é post ‘an scríobhaí’. Seo an duine a scríobh síos na smaointe a bhí ag na hÉigiptigh maidir le creideamh agus a scríobh faoin stair s’acu agus faoi stair na bhfarónna. In amanna, rinne siad a gcuid scríbhinní ar bhallaí na dtuamaí sna pirimidí nó ar an sarcafagas inar cuireadh an mumaí. Amanna eile, scríobh siad ar chineál páipéir a dtugaimid an phaipír air. D’úsáid siad cineál féir géar crua mar pheann agus rinne siad dúch as sú plandaí.

Tá na hiairiglifí seo le feiceáil taobh amuigh de thuama an fharó Merenptah i nGleann na Ríthe san Éigipt


Tagann an focal iairiglifí ó dhá fhocal Gréigise – hieros a chiallaíonn ‘naofa’ agus glyphe a chiallaíonn scríbhinn. Mar sin, ciallaíonn iairiglifí scríbhinn naofa.

Léigh an t-alt seo faoin chomhairle a bhí ag scríobhaí amháin dá mhac.


Leac Rosetta

Tá Leac Rosetta ar taispeáint i Músaem na Breataine i Londain

Takashi Images / Shutterstock.com


Níl sé furasta iairiglifí a léamh ach fuair muid tuiscint iontach orthu ó leac a dtugtar Leac Rosetta air. Is leac chloiche é seo ón bhliain 196 roimh Chríost. Tá forógra greanta ar an leac agus baineadh úsáid as iairiglifí leis an fhorógra a scríobh. Ach an rud atá tábhachtach faoin leac seo ná gur forógra dátheangach é seo – tá sé scríofa sa tsean-Éigiptis ag barr na leice agus tá an rud céanna scríofa sa tsean-Ghréigis ag an bhun. Mar sin, bhí scoláirí ábalta an tsean-Ghréigis a úsáid leis an chiall a bhí leis na hiairiglifí a oibriú amach.

Cóip mhéadaithe de Leac Rosetta sa Fhrainc


Sna hiairiglifí, d’úsáid na hÉigiptigh pictiúir leis an fhuaim a dhéanann rud nó leis an rud a dhéanann sé a léiriú. Bhí níos mó ná 700 iairiglif dhifriúil ann. In amanna, sheas pictiúr amháin d’fhocal iomlán amháin.

Bhí ainmhithe acu ag tús na línte – má tá an t-ainmhí ag amharc ar dheis, léann tú ón taobh clé go dtí an taobh deas. Má tá an t-ainmhí ag amharc ar chlé, léann tú ón taobh deas go dtí an taobh clé. Níos measa arís – in amanna, léann tú ó bharr go bun!



meas