Tubaiste Chernobyl

An 26ú Aibreán, 2024

Ar an dáta seo (an 26ú lá Aibreán) thiar i 1986, tharla tubaiste mhór in áit darb ainm Chernobyl, atá suite san Úcráin. Ag an am sin, bhí an Úcráin san Aontas Sóivéadach, bailiúchán mór de thíortha a bhí ag feidhmiú mar aon ghrúpa amháin go hidirnáisiúnta. Bhí na tíortha san Aontas Sóivéadach faoi smacht na Rúise, an tír ba mhó sa ghrúpa.


Bhí stáisiún núicléach* suite taobh amuigh de chathair Chernobyl. Ar an lá seo thiar i 1986, tharla timpiste sa stáisiún núicléach sin. Phléasc cuid den stáisiún trí thine agus scaoileadh cuid mhor ábhar radaighníomhach amach san atmaisféar.

(Pléascadh núicléach)

Maraíodh chóir a bheith caoga duine nuair a phléasc an stáisiún. Maraíodh go leor daoine eile ina dhiaidh sin agus iad ag iarraidh an dochar a mhaolú. Ghlac sé deich lá leis an tine a mhúchadh. Ansin, bhí orthu an t-imoibreoir núicléach a chlúdach le coincréit le stop a chur leis an ábhar radaighníomhach a bhí ag teacht amach as. Thuig na daoine a bhí ag gabháil don obair seo nach mairfeadh siad i bhfad mar gheall ar an dochar a dhéanfadh an t-ábhar radaighniomhach dá gcorp. Daoine cróga a bhí iontu. Bhí siad ag iarraidh an mhuintir eile sa tír a shábháil.
(Dealbh san Úcráin in ómós do na fir dhóiteáin a fuair bás agus iad ag iarraidh an tine a mhúchadh sa stáisiún núicléach. Pic le Hunter82/Shutterstock.com

Ar ndóigh, bhí ar na mílte duine eile imeacht óna mbailte mar nach raibh sé sábháilte fanacht sa cheantar sin níos mó. An fhadhb mhór a bhí ann le tubaiste Chernobyl ná gur fhág sé damáiste fad-téarmach sa cheantar sin. Síleann na saineolaithe go mbeidh an talamh thart faoin stáisiún núicléach sin radaighníomhach ar feadh na mílte bliain!
(Cuid den cathair, in aice leis an stáisiún núicléach, atá tréigthe ag daoine)

Ba é Chernobyl an tubaiste núicléach ba mheasa a tharla riamh. Tá sé doiligh figiúr cruinn a chur ar an mhéid daoine a fuair bás mar gheall air. Spréigh an ghaoth an t-ábhar radaighníomhach i bhfad ar shiúl sna laethanta i ndiaidh na tubaiste. Bhí saineolaithe ábalta ardú sa leibhéal radaighníomhach san atmaisféar a aithint chomh fada ar shiúl leis an Fhrainc agus an Iodáil!
(Gléas a thomhaiseann an leibhéal radaighníomhach san atmaisféar.)

Sna blianta ina dhiaidh sin, sa limistéar thart ar Chernobyl (ceantar a chlúdaíonn thart faoi 100 míle in achan treo ón stáisiún núicléach), fuair na mílte duine bás den ailse. Ba é sin cuid den tionchar fad-téarmach a d’fhág an t-ábhar radaighníomhach ar an áit.
(páirc siamsaíochta a thréig na daoine nuair a bhog siad amach as an cheantar)

Ó shin i leith, tá limistéar mór thart ar an stáisiún núicléach tréigthe. Clúdaíonn an limistéar sin amuigh is istigh ar 1600 míle cearnach san iomlán. (Is ionann sin agus ceantar atá níos mó ná Contae Ard Mhacha agus Contae an Dúin le chéile!) Níl duine ar bith ina gcónaí sa cheantar sin níos mó mar go bhfuil sé róchontúirteach. Tá an leibhéal radaighníomhach ró-ard ansin, rud atá iontach olc do shláinte an duine.

Mar sin de, ná déanaimis dearmad ar an tubaiste thragóideach seo a tharla 38 bliain ó shin inniu. Tá cuid mhaith tíortha ar fud an domhain go fóill ag brath ar stáisiúin núicléacha lena gcumhacht a ghiniúint. Ach, níl an chumhacht núicléach chomh ‘glan’ ná chomh ‘slán’ agus a deir na rialtais sin.
(Cuid eile den chathair atá tréigthe ag daoine.)

*Le níos mó a fhoghlaim faoin chumhacht núicléach agus cad é a dhéanann stáisiún núicléach, léigh an fillteán fíricí seo

Le ple nó le déanamh
Níl stáisiún núicleach ar bith in Éirinn. Ar chuala tú iomrá ar chumhacht núicléach, nó ar Chernobyl riamh roimhe? Inis do do rang eolas ar bith a bhí agat.

Tá Chernobyl ar an imeall na hÚcráine, in aice le tír eile - faigh amach cén tír eile atá ann.

Fiosraigh cad iad na tíortha a bhí mar chuid den Aontas Sóivéadach.

Cuir an focal “núicléach” isteach sa bharra cuardaigh ar Nuacht Anois le níos mó a fhoghlaim faoin chineál cumhachta sin.

Dá mbeadh ort do bhaile a fhágáil faoi dheifir mar gheall ar thimpiste mhór thragóideach cosúil le Chernobyl, cad iad na rudaí is mó a chronófá?


meas