Mothúcháin ag na mionbheithígh?

An 24ú Aibreán, 2024


Is mamaigh iad na deilfeanna – an bhfuil na deilfeanna seo sásta, dar leat?


Glacann daoine leis go mbíonn mothúcháin, de chineál éigin, ag na mamaigh. Sin na hainmhithe móra – leithéidí míolta móra agus capall agus madaí agus moncaithe agus ápaí. (Agus is mamaigh muidne fosta – na daoine.) Má tá madadh nó cat agat, mar shampla, bíonn a fhios agat cé na rudaí a chuireann áthas nó brón ar do pheata.

Bíonn barúil mhaith againn faoi na rudaí a dhéanann ár gcuid peataí sásta


Ach i gcás ainmhithe níos lú, cosúil le héin nó reiptílí nó go fiú feithidí, bhí daoine i gcónaí in amhras an raibh an inchinn s’acu ábalta mothúcháin a phróiseáil, ar an dóigh chéanna linne. Ghlac muid leis, mar shampla, nár thuig siad áthas ná brón. An t-aon rud a mbeadh a n-inchinn buartha faoi ná fanacht slán ar chreachadóirí agus go leor bia a aimsiú le fanacht beo – rud beag cosúil le róbait bheaga.

An dtuigeann inchinn an tseangáin seo áthas nó brón?


Anois, áfach, síleann roinnt eolaithe go dtig le hainmhithe mar seo mothúcháin de chineál éigin a bheith acu fosta. Síleann na heolaithe go dtig leis na hainmhithe seo ‘smaoineamh’ ar rudaí eile, rudaí nach mbaineann le féinchosaint nó bia.

Cad é atá ar a hintinn ag an fheithid bheag seo?


Ós rud é nach dtig le hainmhithe caint linn, bíonn ar na heolaithe súil a choinneáil orthu le leideanna a fháil faoi na smaointe a bhíonn acu nó na mothúcháin a thagann orthu. I staidéar amháin, fuair eolaithe amach go mbíonn an t-iasc séabrach fiosrach faoi rudaí nua a chuirtear isteach san umar leis. 

Iasc séabrach ag snámh ina umar uisce


Rinne eolaithe sa tSeapáin staidéar eile ar iasc darb ainm an ballach glantóra. Síleann siad go dtig leis an iasc seo a scáil féin a aithint i scáthán faoin uisce, agus é féin a aithint i ngrianghraf, go fiú.

Ballach glantóra

Fuair sé a ainm mar go nglanann sé éisc eile – itheann sé salachar agus míolta beaga óna gcraiceann


An aithníonn an t-iasc seo a scáil féin sa scáthán? Cad é a shíleann sé faoi seo, dar leat?

(Úsáideadh an intleacht shaorga leis an phictiúr seo a chruthú, ní fíor-iasc é)


Rinne eolaithe eile as Londain staidéar ar bhumbóga. Síleann na heolaithe sin go dtaitníonn sé le bumbóga bheith ag súgradh le liathróidí, agus go ndéanann siad é seo ar mhaithe leis an spraoi!

Shíl na heolaithe gur thaitin sé leis na bumbóga bheith ag súgradh le liathróidí

Físeán le Hiruni Samadi, Galpayage Dona, Cwyn Solvi, Amelia Kowalewska, Kaarle Mäkelä, HaDi MaBouDi, Lars Chittka, faoi cheadúnas CC-BY


Tá go leor de na heolaithe a bhí páirteach san obair seo i ndiaidh teacht le chéile le sórt achainí a shíniú. Tá siad ag iarraidh ar rialtais an domhain mothúcháin na n-ainmhithe a chur san áireamh i ngach cinneadh a dhéanann siad.

An síleann tú go bhfuil mothúcháin ag peata an chailín seo?


Le plé agus le déanamh

🐜 Tarraing pictiúr de cheann de na hainmhithe atá luaite san alt seo. Cuir isteach bolgán smaoinimh. Cad é atá an t-ainmhí a smaoineamh, nó cad iad na mothúcháin atá air agus cén fáth? Ba bhreá linn bhur bpictiúir a fheiceáil – seol isteach chugainn iad: nuacht@aisaonad.org (thig leat cuidiú a iarraidh ar do mhúinteoir leis seo).

🐜 Cad chuige, dar leat, a mbíonn sé deacair ag eolaithe a dhéanamh amach cé acu a bhíonn mothúcháin ag ainmhithe beaga, cosúil le héisc nó feithidí? 

🐜 An dtig leat smaoineamh ar chomharthaí nó rudaí a thabharfadh le fios dúinn go bhfuil ainmhí sásta nó brónach?

🐜 Cuir i gcás go bhfuil an ceart ag na heolaithe seo, agus GO mBÍONN mothúcháin ag gach ainmhí. An athróidh sé sin an bealach a mbíonn tú ag caitheamh le hainmhithe difriúla, mar shampla, cuileoga nó foichí nó damháin alla?

An gcuireann tusa mothúcháin an damháin alla san áireamh gach uair a aimsíonn tú ceann sa teach? Cad é mar a mhothaíonn an ceann seo? Cad iad na smaointe atá aige?


meas