Lá Domhanda na hOidhreachta

An 17ú Aibreán, 2024

Inniu Lá Domhanda na hOidhreachta. Baineann an focal oidhreacht leis na rudaí uilig atá fágtha againn ó na daoine a chuaigh romhainn sa stair. 

An cloigtheach i nGleann Dá Loch i gcontae Chill Mhantáin – sampla iontach d’oidhreacht na hÉireann


Tagann an focal oidhreacht ón fhocal oidhre – rud a chiallaíonn ‘an chéad duine eile sa líne’. 

Mar shampla, nuair a fuair banríon Shasana bás in 2022, rinneadh rí dá mac, Séarlas, mar gurbh eisean a hoidhre – an chéad duine eile sa líne. Dúirt na Sasanaigh gurbh é Séarlas ‘the heir to the throne’

Ba é Séarlas oidhre Éilis


Tagann oidhre agus an focal Béarla, ‘heir’ ón áit chéanna – ó theanga ársa a bhí ann na mílte bliain ó shin. 

Go díreach mar atá ceangal idir oidhre agus oidhreacht sa Ghaeilge, tá ceangal idir heir agus heritage sa Bhéarla. I mBéarla, tugtar World Heritage Day ar an lá inniu.

Mar sin, ciallaíonn oidhreacht na rudaí a cuireadh ar aghaidh chugainn ón stair, mar gur muidne na chéad daoine eile sa líne.

Cuirtear an oidhreacht agus an cultúr ar aghaidh ó ghlúin go glúin, chuig na chéad daoine eile sa líne

Ar ndóigh, nuair a smaoinímid ar ár n-oidhreacht, fuair muid a lán rudaí luachmhara ó na daoine a chuaigh romhainn. Fuair muid ár dteanga agus ár gcuid amhrán agus scéalta agus ár gceol traidisiúnta uathu. Fuair muid ár gcuid cluichí traidisiúnta uathu fosta. Ach déantar ceiliúradh ar an taobh sin den oidhreacht s’againn le linn Sheachtain na hOidhreachta, i mí Lúnasa. 

Is bunchuid dár n-oidhreacht í an Ghaeilge – seoid iontach luachmhar a cuireadh síos chugainn agus beidh orainne í a choinneáil sábháilte agus a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile


Baineann an lá inniu níos mó leis na suíomhanna oidhreachta atá againn – sin na háiteanna agus na foirgnimh stairiúla uilig atá againn. Tugann na háiteanna stairiúla s’againn leid dúinn faoi na grúpaí difriúla uilig (agus na rudaí difriúla) a raibh ionchur acu i stair na tíre. Tá sin iontach tábhachtach i mbliana nó baineann téama Lá Oidhreachta 2024 leis an éagsúlacht. Tugann suíomhanna oidhreachta na hÉireann pictiúr iontach dúinn den éagsúlacht inár stair. 

Clochán an Aifir i gcontae Aontroma – tá cuid lárnach ag an áit seo i gcuid mhór seanscéalta de chuid na nGael


Baineann Clochán an Aifir, i gContae Aontroma, lenár n-oidhreacht nádúrtha. Is iontas nádúrtha é Clochán an Aifir a chruthaigh bolcáin na milliúin bliain ó shin. Spreag sé na céadta scéal béaloidis síos tríd na blianta agus tá daoine go fóill faoina dhraíocht sa lá atá inniu ann.

Brú na Bóinne i gcontae na Mí


Brú na Bóinne, i gcontae na Mí, ar cheann de na háiteanna stairiúla is sine agus is clúití in Éirinn – déanta na fírinne, tá sé clúiteach ar fud an Domhain. Tógadh é sular tháinig na Gaeil go hÉirinn. Tá sé níos sine go fiú ná na pirimidí san Éigipt agus léiríonn sé an tuiscint a bhí ag Éireannaigh na mílte bliain ó shin ar an réalteolaíocht.

Ar an lá is giorra den bhliain, lonraíonn solas na Gréine go díreach isteach tríd pholl sa díon agus soilsíonn an seomra iomlán


Nuair a tháinig na Gaeil go hÉirinn, d’fhág siad a rian féin ar an talamh. Is iomaí dún agus caisleán Gaelach atá go fóill le feiceáil ó cheann ceann na tíre. Thig linn na féastaí agus na fleadhanna a caitheadh iontu síos tríd na blianta a shamhlú. Cuid de na caisleáin eile atá againn in Éirinn – ba iad na Normannaigh a thóg iad, Caisleán Charraig Fhearghais, mar shampla.

An seanchaisleán ar Charraig Phádraig i gContae Thiobraid Árann. Seo an áit ar chónaigh sean-ríthe Gaelacha na Mumhan ar feadh na gcéadta bliain


Caisleán Dhún Libhse i gContae Aontroma. Thóg Normannach (Rísteard Óg de Búrca) an caisleán anseo i dtús ama ach ba iad Clann Mhic Dhomhnaill a bhí ina bhun ina dhiaidh sin


Caisleán Charraig Fhearghais – caisleán eile a thóg na Normannaigh


Gné thábhachtach eile den oidhreacht s’againn inár gcuid bailte agus cathracha ná an ailtireacht chlúiteach atá againn. Seo stíl na dtithe agus na bhfoirgneamh a tógadh sa seanam. Tá tionchar Shasana le feiceáil ar chuid mhór de na foirgnimh seo. Tá clú ar Bhaile Átha Cliath agus ar Ard Mhacha go háirithe as na tithe galánta ó ré an rí Seoirse.

Tógadh na tithe seo i mBaile Átha Cliath nuair a bhí an rí Seoirse sa ríchathaoir i Sasana. Deir muid gur ‘tithe Seoirseacha’ iad.


Mar sin, ar lá seo na hoidhreachta, is fiú go mór smaoineamh ar na seoda a d’fhág an stair againn anseo in Éirinn. Tá go leor rudaí agus áiteanna amuigh ansin le fiosrú agus go leor rudaí le foghlaim uathu!


Le plé agus le déanamh

☘️ Cad é an áit nó an foirgneamh is clúití i do cheantar féin? Cad chuige a bhfuil sé clúiteach agus cad é atá speisialta faoi dtaobh de. Déan taighde faoi agus tóg nó tarraing pictiúr de. Scríobh tuairisc bheag faoi agus seol isteach chugainn í, sin, nó d’fhéadfá go fiú físeán beag a dhéanamh faoin áit speisialta i do cheantar féin. Féach mar a rinne roinnt daltaí as Bunscoil Bheanna Boirche, i gContae an Dúin é:


☘️ Mar rang, déanaigí plé ar na tithe agus na foirgnimh a thógaimidne sa lá atá inniu ann. Cad é mar a chuimhneoidh daoine orainne i gceann 100 nó 200 bliain?


Creidiúintí

baruil