Stair Naomh Pádraig II

An 11ú Márta, 2024


Ar an bhealach abhaile trasna na farraige, tháinig stoirm mhór agus d’éirigh an fharraige iontach garbh. Séideadh an bád beag i bhfad ar strae. Faoin am ar mhaolaigh an stoirm, bhí siad chóir a bheith ar chósta na Fraince, in áit chósta na Breataine Bige. Ach, bhí siad uilig beo agus ní dhearnadh damáiste ar bith don bhád bheag. Ina dhiaidh sin, d’éirigh le Pádraig teacht abhaile go slán sábháilte go dtí an Bhreatain Bheag, sa deireadh thiar thall.

 Bhí na báid níos simplí ag an am.

 

Duine cráifeach a bhí i bPádraig agus thosaigh sé ag traenáil le bheith ina shagart. Nuair a bhí sé críochnaithe leis an staidéar s’aige, bhí brionglóid eile aige. Sa bhrionglóid seo, bhí muintir na hÉireann ag iarraidh air teacht ar ais chucu lena theagasc dóibh faoi Íosa Críost. Págánaigh a bhí i muintir na hÉireann san am sin. Níor chreid siad in Íosa Críost, bhí a gcuid déithe féin acu.

D’úsáid Pádraig an tseamróg le scéal na Críostaíochta a mhíniú.

 

Deirtear gur tháinig Naomh Pádraig ar ais go hÉirinn sa bhliain 432. An iarraidh seo, landáil sé i gContae an Dúin, in áit darb ainm Sabhall sa lá inniu. Fuair an ceantar an t-ainm sin mar gheall ar Naomh Pádraig. Inseoidh mé daoibh cad é mar a tharla sé.

Nuair a tháinig Naomh Pádraig i dtír sa cheantar sin ar chósta an Dúin, deirtear go ndeachaigh Dicchiú, an taoiseach áitiúil, amach le scata dá chuid saighdiúirí agus lena mhadaí fíochmhara chun bualadh leis na strainséirí. D’ordaigh Dicchiú do na cúnna, nó do na madaí móra, ionsaí a dhéanamh ar Naomh Pádraig agus ar a chairde. Ach, ní dhéanfadh na madaí ionsaí ar bith ar Phádraig. Ina ionad sin, thosaigh siad a shúgradh leis agus a thafann go sásta. Chuir seo iontas an domhain ar Dicchiú, mar bhí sé ábalta brath ar na cúnna le bheith ina ngardaí fíochmhara ar an talamh s’aige roimhe sin.

 

Labhair Naomh Pádraig i nGaeilge le Dicchiú, rud a chuir iontas air mar ba léir gur strainséirí ó thír eile iad. D’iarr Pádraig cead ar Dhicchiú aifreann a cheiliúradh do Dhia sa cheantar sin. Thug Dicchiú cead dó aifreann a rá i sabhall a bhí aige cóngarach don áit sin. Is scioból d’ainmhithe é sabhall, agus sin an dóigh a bhfuair an ceantar an t-ainm sin, ainm atá air go dtí an lá atá inniu ann.

 Ceantar Shabhaill, áit ar tháinig Pádraig i dtír.

 

Deirtear gur tógadh teach an phobail seo ar bharr na háite ina raibh sabhall Dicchiú fadó. Thig leat a fheiceáil ón reilig gur sean-áit amach is amach atá ann. Ní thig leat na hainmneacha ar roinnt mhaith de na huaigheanna a léamh níos mó.

Eaglais i Sabhall.

 

Le déanamh:

Níor chuir muid na scéalta uilig faoi Phádraig isteach sa scéal seo. Ar chuala tú scéal ar bith eile? Cuir ceist ar dhaoine níos sine sa bhaile. Déan trácht ar na scéalta a chuala tú.

 

Amharc

Amharc ar an fhíseán seo. Tá léargas pictiúrtha ann ar scéal agus stair Phádraig.

 

Pictiúir

Saighdiúirí: Kinkku/Shutterstock.com





baruil