Feirmeoireacht anois agus fadó

An 20ú Nollaig, 2023


Niamh Nic Giolla Domhnaigh 

Claire Hurrell

 

Tháinig athrú mór ar an fheirmeoireacht thar na blianta. In Éirinn, 100 bliain ó shin, chónaigh an chuid is mó de na daoine faoin tuath nó i mbailte beaga. Cuid mhaith den am, d’fhás siad a gcuid bia féin. Bhíodh prátaí agus glasraí eile acu mar aon le cearca a thug uibheacha dóibh. Daoine a raibh bó acu, bheadh bainne acu agus tá seans maith go ndearna siad a gcuid ime féin.

Is féidir im agus cáis a dhéanamh le bainne


Ní raibh an teicneolaíocht chéanna acu sna seanlaethanta sin. Bhí daoine ag brath go mór ar chapaill agus orthu féin chun an obair feirme a dhéanamh. Tharraing na capaill cairteacha agus chuidigh siad leis an treabhadh. 

Sa lá inniu, bíonn tarracóir ar fáil chun cuid mhaith den obair throm a dhéanamh. Is féidir uirlisí feirme a cheangal den tarracóir, ag brath ar an obair atá le déanamh. Mar shampla, déantar treabhadh le tarracóir anois.

Ag treabhadh le tarracóir


Tá go leor athruithe eile ann ó na seanlaethanta.

 

Méid na feirme

Déantar an fheirmeoireacht ar scála níos mó anois. Tá níos lú feirmeacha beaga ann. Chomh maith leis sin, bíonn na páirceanna níos mó. Rinne na feirmeoirí páirc mhór amháin as roinnt páirceanna beaga. Ar ndóigh, tá sé níos fusa tarracóirí agus innealra eile a úsáid i bpáirc mhór seachas i bpáirc bheag.


Meaisíní a úsáid in áit daoine

Ag bleán na bó de láimh


Sa seanam, rinne oibrithe feirme cuid mhaith den obair de láimh. Mar shampla, bleán na mbó le bainne a fháil. Ghlac sin cuid mhór ama agus chuir sé a lán brú ar an chorp. Sa lá inniu, tá meaisíní ábalta na ba a bhleán. Níl le déanamh ach an bhó a cheangal den mheaisín agus déanann sé an obair uilig. Bailíonn an meaisín an bainne uilig le chéile agus tógann comhlacht bainne é.

 

Meaisín atá ábalta na ba a bhleán


Difear mór eile ná nach n-úsáideann na feirmeoirí an bainne chun im nó cáis a dhéanamh dóibh féin, de ghnáth.

Is féidir leis an chomhbhuainteoir seo ceithre phróiseas a dhéanamh ag an am amháin


Foirgnimh

Sa sean-am, ní raibh na foirgnimh chomh mór. Bhíodh bothán nó dhó ag an fheirmeoir do na ba nó na muca, mar shampla, nó áit leis na barra a choinneáil. Anois, bíonn sain-fhoirgnimh ann. Mar shampla, tá botháin stórála ann anois agus is féidir leis an fheirmeoir an teocht a ardú nó a ísliú. Nó bleánlann, bothán speisialta leis na ba a bhleán.


Eolaíocht agus teicneolaíocht

Ceann de na rudaí is mó a chuidigh leis an fheirmeoireacht ná an eolaíocht. Má bhíonn aimsir fhliuch agat i d’fheirm, thiocfadh leat plandaí atá in oiriúint don aimsir sin a fháil. Ar an dóigh chéanna, tá ainmhithe a fhásfaidh go mór agus atá níos sláintiúla. Más maith leis na feirmeoirí an méid is mó agus is féidir a fháil as an talamh, thig leo ceimiceáin a úsáid le cuidiú leis sin.

Cuidíonn an teicneolaíocht leis an fheirmeoir chomh maith. Bíonn cuid mhaith de na próisis á rialú ag ríomhairí. Thig le feirmeoirí rudaí cosúil le teocht i bhfoirgneamh a rialú leis an ghuthán póca.


Oibrithe

Blianta ó shin, bhí a lán daoine de dhíth le cuidiú ar an fheirm, fiú na páistí. In Éirinn, tugadh dhá mhí de laethanta saoire do na páistí sa samhradh sa dóigh go dtiocfadh leo cuidiú ar an fheirm. An samhradh an t-am is tábhachtaí ar an fheirm leis na barra a bhaint. Obair throm thuirsiúil a bhí san obair feirmeoireachta fadó.

Sa sean-am, ghlac sé a lán oibrithe leis an obair a dhéanamh ar an fheirm


Inniu, áfach, ní féidir an fheirmeoireacht a dhéanamh gan na meaisíní talmhaíochta ach ní raibh a leithéid ann fadó.


Feirmeoireacht inniu

Sa lá inniu, tá níos mó ná 8 mbilliún duine sa domhan agus tá an fheirmeoireacht iontach tábhachtach le bia a thabhairt dóibh. Ní hamháin go ndéanann meaisíní an obair níos fusa, ach déanann siad i bhfad níos mó oibre. Chomh maith leis sin, bíonn na meaisíní níos éifeachtaí. Gan an teicneolaíocht agus na meaisíní, ní bheadh feirmeoirí ábalta go leor bia a chur ar fáil. 

Maraíonn na ceimiceáin seo lotnaidí cosúil le feithidí


An ndéanann feirmeoireacht an lae inniu dochar ar bith?

Bíonn costas leis na meaisíní agus an teicneolaíocht. Caitheann na feirmeoirí a lán ama ag iarraidh an t-airgead a dhíol ar ais. Ní bhíonn seans acu rudaí níos nádúrtha a thriail.

Úsáideann na meaisíní a lán cumhachta ag am a bhfuil muid ag iarraidh gearradh siar ar mhaithe leis an phláinéad.

 

Téann na ceimiceáin a úsáidtear ar an fheirm isteach sna haibhneacha agus déanann siad dochar don nádúr, mar shampla, Loch nEathach.

 

Sa sean-am, bhí baint ag na daoine leis an talamh agus chonaic siad an dóigh a bhfuair siad bia. Anois, ní fheicimid ach rudaí sa siopa, gan tuiscint againn cad é a bhí de dhíth lena dhéanamh.

 

In áiteanna ar domhan, bíonn feirmeoirí ann a dhéanann go leor bia dóibh féin agus sin an méid. Bíonn na feirmeoirí seo ag cuidiú leis an nádúr. De réir a chéile, tá na feirmeoirí seo á mbrú as an talamh le feirmeacha níos mó a dhéanamh, rud nach gcuidíonn leis an nádúr i gcónaí.

Feirmeoireacht a chuidíonn leis an nádúr sa Chéinia


Le plé:

An síleann tú gur rud maith é nach mbíonn an méid céanna oibrithe feirme de dhíth ar na feirmeacha inniu ná mar a bhí fadó? An rud maith é go ndéanann na meaisíní cuid mhór den obair? Cad chuige?

 

Ar mhaith leat obair feirme a dhéanamh gan teicneolaíocht nua?


Le déanamh:

Scríobh cuntas ar lá amháin ar fheirm fadó. Smaoinigh ar na rudaí a bheadh le déanamh agat. Gabh siar ar na himeachtaí ar an fheirm atá luaite san alt.


Pictiúir:
Tréad sa Chéinia: Jen Watson / Shutterstock.com 



baruil