Tá 195 tír ar domhan agus bíonn a lán cineálacha difriúla rialtais acu. Cuid acu is deachtóireachtaí iad. Ciallaíonn deachtóireacht go ndéanann duine amháin nó dream beag daoine na rialacha uilig agus nach n-éisteann siad le daoine eile. I dtíortha eile, ní bhíonn ach daoine saibhre sa rialtas agus is iadsan a dhéanann na dlíthe ar fad don tír. Tá an t-ádh orainn anseo in Éirinn nó tá córas speisialta againn a thugann guth do gach duine, mar atá, an daonlathas.
Bhí Hitler ina dheachtóir – níor éist sé le duine ar bith eile.
Tá baint ag an fhocal ‘daonlathas’ leis an fhocal ‘daoine’ agus ciallaíonn sé ‘riail na ndaoine’. Is córas iontach cothrom é an daonlathas agus rinne na Náisiúin Aontaithe lá ar leith dó: Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais, a bhíonn ar siúl ar an 15ú Meán Fómhair gach bliain.
Is é Leo Varadkar an Taoiseach, ceannaire an rialtais.
Is féidir le daoine a mbarúil a thabhairt trí vóta a chaitheamh. In amanna, bíonn rogha ag daoine, mar shampla, ar chóir bóthar nua a thógáil? Ach, de ghnáth, bíonn barraíocht daoine i gceist leis an chóras sin a úsáid do gach ceist. Ina áit sin, caitheann daoine a vóta ar son ionadaithe, daoine a dhéanfaidh ionadaíocht ar a son. Tugtar ‘feisirí’ ar na daoine seo agus caitheann siadsan vóta ar ár son sa pharlaimint.
Suíonn Teachtaí Dála sa Dáil i mBaile Átha Cliath.
Déantar dlíthe ar dhá dhóigh in Éirinn. Ó dheas, toghann daoine ‘Teachtaí Dála’ a shuíonn sa Dáil agus roghnaíonn siad rialtas nua. Ó thuaidh, tá Tionól ann agus toghann daoine ‘Baill Tionóil’ le suí ann agus roghnaíonn siadsan an rialtas.
Daoine ag fanacht i scuaine lena vóta a chaitheamh.
Is minic a bhíonn na feisirí seo i bpáirtithe polaitiúla agus oibríonn na feisirí i bpáirtí amháin lena chéile. Bíonn ar an rialtas dul ar ais chuig na daoine ar a laghad gach cúig bliana agus bíonn seans ag daoine iad a thabhairt ar ais nó rialtas nua a thoghadh. Tugtar ‘olltoghchán’ ar thoghchán mar sin.
Is minic a chaitheann daoine a vóta i mbosca vótála.
De ghnáth, caitheann daoine a vóta go rúnda.
Ach cad chuige a bhfuil lá speisialta de dhíth don daonlathas? In amanna, ní shíleann daoine áirithe go mbíonn na polaiteoirí ag éisteacht leo. Is minic a deir daoine óga seo. Ní thig leat vóta a chaitheamh in Éirinn go dtí go mbíonn tú 18 mbliana d’aois, mar shampla. In amanna eile, ní aontaíonn daoine áirithe leis na roghanna a dhéanann an rialtas agus síleann siad go mbeadh córas eile níos fearr. Nó mothaíonn daoine eile nach ndéanann sé difear má chaitheann siad vóta nó mura gcaitheann.
Mura n-aontaíonn daoine leis an rud a rinne an rialtas is minic a bhíonn léirsiú acu.
Mar sin, má tá an daonlathas le hoibriú, is gá go bhfeicfeadh gach duine go n-éistear lena ghuth agus go mothaíonn siad compordach leis an chóras.
Le déanamh:
Tugtar ‘toghcheantar’ nó ‘dáilcheantar’ ar an cheantar a roghnaíonn ionadaithe. Faigh amach cén toghcheantar nó dáilcheantar ina bhfuil tú agus cé hiad na hionadaithe atá agat.
Le plé:
Cad iad na prionsabail, dar leat, atá de dhíth don daonlathas? Beidh meas ar thuairimí daoine eile de dhíth, mar shampla. Cad iad na cinn eile?
Ar chóir an vóta a thabhairt do dhaoine faoi aois 18 mbliana d’aois? Cad é an aois ba chóir do dhaoine tosú ag vótáil? Cén aois a bheadh ró-óg, dar leat?
Caithfidh gach duine glacadh le toradh an toghcháin, rud nár tharla i Meiriceá i 2020.