Polasaí Príobháideachais
Tá LéighAnois.com á chur ar fáil ag an Áisaonad. Tá an tÁisaonad lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.
An tÁisaonad,
Coláiste Ollscoile Naomh Muire
191, Bóthar na bhFál,
Béal Feirste,
Co. Aontroma BT12 6FE
048/028 90327678
www.aisaonad.org
eolas@aisaonad.org
Bainimid feidhm as Uirlisí Anailísíochta Piwik PRO le hanailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide ar an suíomh seo. Bailímid sonraí a bhaineann leis na daoine a thugann cuairt ar an suíomh s’againn tríd fhianáin a chur ar do bhrabhsálaí.
Ar na cineálacha sonraí a bhailímid, tá:
- do sheoladh IP (ní shábhálaimid an IP iomlán – ní úsáidimid ach an méid a bhíonn de dhíth le barúil gharbh a thabhairt dúinn den áit a bhfuil tú);
- córas oibriúcháin agus brabhsálaí an ríomhaire, táibléid, gutháin nó gléis atá tú a úsáid le hamharc ar an suíomh;
- cé acu a tháinig tú chugainn go díreach nó a d’aimsigh tú muid tríd inneall cuardaigh.
Cuidíonn na sonraí linn patrúin in úsáid an tsuímh a thabhairt faoi deara – ní úsáidimid iad ar chúis ar bith eile. Úsáidimid iad le graif agus cairteacha a chruthú a thugann léargas dúinn ar an líon úsáideoirí atá againn, na gléasanna a úsáideann siad le hamharc ar an suíomh agus an áit sa tír (nó sa domhan) a bhfuil siad lonnaithe.
- Ní fheicimid féin aon sonraí pearsanta de do chuid in am ar bith agus ní fheicimid sonraí ar bith a chuideodh linn tú a aithint.
- Ní roinnimid sonraí ar bith le dream ar bith eile in am ar bith.
- Ní roinneann Piwik sonraí ar bith le dream ar bith eile agus ní úsáideann siad féin na sonraí ar chor ar bith, in am ar bith.
- Stórálann Piwik na sonraí ar fad ón suíomh seo san Eoraip go ceann 14 mhí.
Iarraimid cead ort i gcónaí na sonraí seo a bhailiú ach má dhiúltaíonn tú cead a thabhairt dúinn – sin go breá! Sa chás sin, déanfaidh an suíomh iarracht fianán sealadach nach mairfidh ach 30 bomaite a chur ar do bhrabhsálaí. Má tá do bhrabhsálaí socraithe le fianáin a dhiúltú, tá go breá arís. Thig leat leanstan leat agus an suíomh a úsáid agus ní bhaileoidh muid aon sonraí uait.
Thig leat do chuid roghanna a athrú in am ar bith ar an leathanach seo.