Tháinig ann don suíomh seo, LéighAnois.com, mar fhreagairt ar an phaindéim a tháinig aniar aduaidh orainn in earrach na bliana 2020. D’aithin an tÁisaonad go raibh tacaíocht faoi léith de dhíth ar léitheoirí óga sna Gaelscoileanna, agus ar a dtuismitheoirí agus múinteoirí, le tacú leis an léitheoireacht Ghaeilge agus daoine ag iarraidh foghlaim sa bhaile.
Ach níorbh é LéighAnois.com an t-aon fhreagairt a bhí ag an Áisaonad ar an iliomad deacrachtaí a chruthaigh an dianghlasáil dár gcuid páistí. Ba i dtrátha an ama seo a d’iarr an tÚdarás Oideachais sa Tuaisceart orainn áiseanna folláine dá gcuid a chur in oiriúint do dhaltaí Gaelscoile. Ó shin i leith, tá muid i ndiaidh bheith ag obair leis an Údarás Oideachais go príomha, agus le corrdhream eile, le háiseanna folláine, meabhairshláinte agus athléimneachta, idir théacs agus leagan amach, a chur in oiriúint do dhaltaí Gaelscoile. Seo thíos liosta de na foilseacháin a chuir muid in oiriúint don Ghaelscolaíocht.
Ar Ais ar Scoil – leabhrán a d’eisigh an tÚdarás Oideachais le cuidiú le páistí agus iad ag filleadh ar scoil i ndiaidh na dianghlasála
Ar Ais le Chéile – an dara leabhrán de chuid an Údaráis Oideachais a eisíodh i ndiaidh an dara dianghlasáil
Mar aon leis na foilseacháin thuas, cuireann an tÁisaonad nuachtlitir folláine choicisiúil de chuid an ÚO in oiriúint do Ghaelscoileanna. Go dtí seo, tá 14 eagrán déag ar fáil. Cuirfidh muid leis an liosta seo i rith an ama.
Cúig in Airde, Eagrán 1 – an 21 Bealtaine, 2021
Cúig in Airde Eagrán 2 – an 2 Meitheamh, 2021
Cúig in Airde Eagrán 3 – an 18 Meitheamh, 2021
Cúig in Airde Eagrán 4 – Iúil/Lúnasa, 2021
Cúig in Airde Eagrán 5 – an 17 Meán Fómhair, 2021
Cúig in Airde Eagrán 6 – an 1 Deireadh Fómhair, 2021
Cúig in Airde Eagrán 7 – an 15 Deireadh Fómhair, 2021
Cúig in Airde Eagrán 8 – an 29 Deireadh Fómhair, 2021
Cúig in Airde Eagrán 9 – an 12 Samhain, 2021
Cúig in Airde Eagrán 10 – an 26 Samhain, 2021
Cúig in Airde Eagrán 11 – an 10 Nollaig, 2021
Cúig in Airde Eagrán 12 – an 14 Eanáir, 2022
Cúig in Airde Eagrán 13 – an 28 Eanáir, 2022
Cúig in Airde Eagrán 14 – an 11 Feabhra, 2022
Cúig in Airde Eagrán 15 – an 25 Feabhra, 2022
Cúig in Airde Eagrán 16 – an 11 Márta, 2022
Cúig in Airde Eagrán 17 – an 25 Márta, 2022
Cúig in Airde Eagrán 18 – an 8 Aibreán, 2022
Cúig in Airde Eagrán 19 – an 29 Aibreán, 2022
Cúig in Airde Eagrán 20 – an 13 Bealtaine, 2022
Cúig in Airde Eagrán 21 – an 27 Bealtaine, 2022
Cúig in Airde Eagrán 22 – an 10 Meitheamh, 2022
Cúig in Airde Eagrán 23 – an 24 Meitheamh, 2022
Cúig in Airde Eagrán 24 – an 9 Meán Fómhair, 2022
Cúig in Airde Eagrán 25 – an 23 Meán Fómhair, 2022
Cúig in Airde Eagrán 26 – an 9 Deireadh Fómhair, 2022
Cúig in Airde Eagrán 27 – an 21 Deireadh Fómhair, 2022
Cúig in Airde Eagrán 28 – an 11 Samhain, 2022
Cúig in Airde Eagrán 29 – an 25 Samhain, 2022