Ciallaíonn alt an áit a dtagann dhá chnámh le chéile agus a lúbann siad. Tá rud darb ainm loingeán againn uilig idir na cnámha sna hailt. Tá loingeán rud beag cosúil le rubar. Tá do shrón agus do chluasa déanta as loingeán.
loingeán
Ligeann an loingeán do na cnámha lúbadh gan iad a bheith ag cuimilt ar a chéile. Tugann an loingeán cosaint dúinn nuair a bhuaileann na cnámha in éadan a chéile – nuair a bhímid ag léim, mar shampla, nó go fiú ag siúl.
In amanna, nuair a éiríonn daoine (nó cait!) níos sine, éiríonn an loingeán seanchaite nó ní bhíonn an méid céanna loingeáin ann. Fágann sé seo go mbíonn sé nimhneach nuair a lúbann tú na hailt. Tugaimid airtríteas na gcnámh air seo. Ní ghnáth-thinneas é. Ní thig leat é a thógáil ó dhaoine eile.
🦴 mar go mbíonn airtríteas sa teaghlach.
🦴 mar go bhfuil siad róthrom agus gur chuir sé seo brú ar na hailt; nó
🦴 gur ghortaigh siad iad féin nó mar go raibh siad ródhian ar na cnámha nuair a bhí siad níos óige; nó 
In amanna, tagann airtríteas ar dhaoine mar:   
🦴 nach raibh siad aclaí go leor (níor úsáid siad na cnámha go leor) nuair a bhí siad níos óige; nó 
Ní féidir airtríteas a stopadh ar fad ach má dhéanann tú aclaíocht go rialta agus má itheann tú bia sláintiúil, beidh seans níos fearr ann nach gcuirfidh an t-airtríteas isteach ort nuair a bheas tú níos sine.