Cliceáil ar an éan le níos mó eolais a fháil air
Is minice a shamhlaímid an t-éan beag seo leis an Nollaig. Tá clú uirthi mar gheall ar a brollach rua. In amanna, bíonn siad measartha cairdiúil le daoine, ach ní le héin eile!
Éan measartha mór agus liath. In amanna, coinníonn daoine iad le rásaí a dhéanamh leo. Fadó, baineadh úsáid astu le teachtaireachtaí a iompar.
Éan beag bídeach donn nach bhfeictear go minic. Coinníonn sé a eireaball gairid in airde, go háirithe agus é ag canadh.
Tá aghaidh gheal dhearg air agus stríoca buí ar a eití dubha. Tá dath donn éadrom ar a dhroim agus idir donn agus bán ar a bholg.
Éan mór bán agus liath. Bíonn siad cois farraige go minic. Ach tagann cuid mhór acu isteach chuig bailte cois farraige. Is éin dhána shantacha iad - b’fhéidir go ngoidfeadh siad na sceallóga s’agat!
Tá an t-éan seo gaolta leis an cholúr, ar ndóigh, ach cónaíonn sé faoin tuath – sa choill! In amanna, cuireann na héin seo isteach ar fheirmeoirí sa samhradh mar itheann siad na barra s’acu.
Ní chónaíonn an fháinleog in Éirinn an bhliain ar fad. Tagann siad san earrach agus fanann siad go dtí deireadh an tsamhraidh. Tá siad gasta lúfar agus iad ag eitilt sa tóir ar chuileoga lena n-ithe. Tá sé iontach furasta an fháinleog a aithint ar chruth a coirp – mar a bheadh dhá chleite fhada ag teacht amach as a heireaball
Tá sé furasta an snag breac a aithint. Baineann sé le fine na bpréachán ach tá sé rud beag níos lú ná préachán. Tá cloigeann dubh agus bolg bán orthu agus bíonn siad furasta a aithint ar a nglór. Is maith leis an snag breac tromaíocht a dhéanamh ar na héin níos lú sa ghairdín!
Éan mór dubh (nó dubh agus liath). Bíonn an glaoch s’acu scréachach.
Tá clú ar an éan seo as a chuid ceoil. Tá sé thart ar an mhéid chéanna le lon dubh ach dath donn ar a dhroim. Tá dath an uachtair ar a bhrollach agus spotaí donna air.
Ceann de na héin is coitianta i ngairdíní na hÉireann. Tá dath dubh ar an cheann fhireann agus gob oráiste air – tá fáinní oráiste thart ar na súile fosta. Tá dath donn ar an cheann bhaineann agus sórt spotaí uirthi, in amanna.
Rud beag níos lú ná an lon dubh. Tá loinnir rud beag glas ar an druid. In amanna cruinníonn ealtaí móra druideanna le chéile agus tugann sárthaispeántas dúinn san aer.
Is furasta an difear idir an ceann fireann agus an ceann baineann a aithint – bíonn na dathanna níos gile ar an cheann fhireann. Tá bolg agus aghaidh rua-oráiste air agus cloigeann liath. Tá na heití dubh, liath agus bán
Tugtar ‘wagtail’ ar an éan seo i mBéarla agus má fheiceann tú í ag siúl, tuigfidh tú cén fáth. Éan beag dubh agus bán.
Tá cloigeann dubh ar an mheantán mhór. Tá sé rud beag níos mó ná an meantán gorm.